Clann Gaelach is ea Uí Raghallaigh a bhíodh go stairiúil ina rítheaghlach Bhréifne Thoir i gContae an Chabháin. Connachta is ea iad, de mhuintir Uí Bhriúin Bhréifne, agus tá garghaol acu le clann Uí Ruairc as Bréifne Thiar.

Armas Uí Raghallaigh
Suaitheantas 'millte' Uí Raghallaigh ar armas Chontae an Chabháin, a gceantar dúchais

Meastar go bhfuil an t-ainm Raghallach bunaithe ar compounds rag ( "cine, dream"; m.s. Dartraí Ciarraí) agus ceallach (le brí "cairdiúil"[1]).

Faightear an sloinne go forleathan ar fud na hÉireann, san 11ú háit is coitianta sa bhliain 1890[2] agus sa bhliain 1997.[3]

Deirtear gur éag an sinsear eapainmneach, Raghallach mac Cathaláin, i rith Chath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. D'éirigh an chlann ina rítheaghlach Bhréifne Thoir, i gContae an Chabháin agus Contae an Longfoirt.

Go dtí an lae inniu, tá achrann ann idir taoisigh Uí Raghallaigh agus Uí Ruairc, maidir le teideal Rí Bhréifne (iomláin).[4] Socraíodh seo sa bhliain 1994 nuair a rialaigh Príomh aralt na hÉireann i leith Uí Ruairc. Cuireadh deireadh le teidil chúirtéise sa bhliain 2003. Sa bhliain 2014, agus taoiseach nua Uí Raghallaigh tofa, thosaigh an t-achrann arís.

I measc daoine leis an sloinne Ó Raghallaigh (Ó Reilly, O'Riley), tá a leanas:

Ó Raghallaigh agus Ní Raghallaigh

cuir in eagar

Leagan galldaithe “O'Reilly”

cuir in eagar

Pearsana ficseanúla

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. ach féach: cellach ar eDIL; ceannach1 ar teanglann.ie
  2. Matheson, Robert E. (1894), Special report on surnames in Ireland, ..., Baile Átha Cliath: For Her Majesty's Stationery Office by Alexander Thom & Co. (Limited), lch. 9 (le fáil ar líne online)
  3. Murphy, Sean J. (2014), A Survey of Irish Surnames 1992–97. In: Studies in Irish Genealogy and Heraldry, Windgates, Contae Chill Mhantáin, ll. 14–29 (céad chló 2008, eagrán is déanaí 2014) (lch. 27)
  4. Newerkla, Stefan Michael (2020), Das irische Geschlecht O'Reilly und seine Verbindungen zu Österreich und Russland [The Irish O'Reilly family and their connections to Austria and Russia]. In: Diachronie – Ethnos – Tradition: Studien zur slawischen Sprachgeschichte [Diachrony – Ethnos – Tradition: Studies in Slavic Language History], eag. Jasmina Grković-Major, Natalia B. Korina, Stefan M. Newerkla, Fedor B. Poljakov, Svetlana M. Tolstaja. Brno, Tribun EU, ll. 259–279 (263–265)

Teimpléad:Ríocht na gConnacht