Ríocht stairiúil in Éirinn, suite go garbh i gContae an Chabháin an lae inniu, ba ea Bréifne Thoir, nó Bréifne Uí Raghallaigh, níos luaite Muinter Máelmorda, a bhí ann ón mbliain 1256 go dtí 1607. Cuid de Bhréifne, bunaíodh Bréifne Thoir sa bhliain 1256 tar éis chatha ar feadh i bhfad idir rítheaghlach Uí Ruairc agus clann Uí Raghallaigh a bhí ag teacht chun cinn. Cruthaíodh a theorainneacha reatha sa bhliain 1579 nuair a tugadh ainm nua don cheantar, as baile an Chabháin, agus tógtha i gcúige Uladh isteach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBréifne Thoir

Suíomh
Map
 53°55′N 7°15′W / 53.92°N 7.25°W / 53.92; -7.25
Tíreolaíocht
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síBréifne Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1256 (Féilire Ghréagóra)
Díscaoileadh1607
Á leanúint agRíoghacht Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Uí Ruairc
Uí Raghallaigh
Éire sa bhliain 1250. Na ceantair Ghaelacha (Glas) agus Ceantair Normannacha (Gorm). Taispeántar Bréifne sa dath bhí.

Bunús cuir in eagar

Tá oirthear an Chabháin lonnaithe le 5,000 bliain anuas. Fine Uí Bhriúin, lonnaithe sa cheantar san 8ú haois AD, is ea an dream a bhfuil clann Uí Raghallaigh síolraithe uathu. Tugadh am éigin an t-ainm Muintir Mhaolmhórdha (Meán-Ghaeilge Muintir Maelmordha) orthu, ainmnithe as taoiseach acu a mhair sa 9ú haois.[1] Níor tugadh an sloinne Ó Raghallaigh orthu go dtí go luath san 11ú haois.

Creidtear gur tháinig Muintir Maolmhórdha sa cheantar sa 10ú haois. Feictear iad sna hannála Éireann don chéad uair sa bhliain 1126, lonnaithe i gcríocha beaga thart timpeall Loch Ramhar darbh ainm Machaire Gaileanga, faoi choimirce Uí Ruairc.[2]

Clanna Bréifne Thoir cuir in eagar

  • Ó Raghallaigh, ríthe oidhreachta Bréifne Thoir, de shliocht Uí Bhriúin
  • Mhic Bhrádaigh, príomhchlann i dteannta le hUí Raghallaigh, lonnaithe ar fud an Chabháin
  • Mhic Tiarnáin, taoisigh Theallach Dhúnchadha
  • Mhic Shamhráin, taoisigh Theallach Eathach
  • Mhic Giolladhuibh, taoisigh Theallach Ghairbhíth
  • Mhic Gobhain, clann míleata as Ulaid
  • Mhic Cába, clann míleata na hAlban, gallóglaigh curtha ar fáil acu don Cabháin, Muineachán agus Fear Manach leis na céadta
  • Mhic Thaichligh, bunaithe ag Drong i dTeallach Ghairbhíth
  • Uí Shioradáin, idir i Longfort agus an Cabhán
  • Uí Chomhraí, bunaithe ag Muinchille
  • Uí Chléirigh, géag den chlann úd as Tír Chonaill
  • Uí Dhálaigh, clann na mbard i gcúirteanna ríoga ar fud na hÉireann
  • Uí Mhaolagáin, baird Uí Raghallaigh
  • Mhic Shíomóin (Fitzsimons), clann Angla-Normannach a lonnaigh sa Chabhán go déanach sa 14ú haois
  • Uí Mhaoil Phádraig
  • Uí Fhaircheallaigh, clann míleata lonnaithe i Lucht Tí Íochtarach
  • de Lench, clann Angla-Normannach
  • Mhic Giollagáin, as Albain ó dhúchas, ar fud na nUladh
  • Uí Muireadhaigh, ar fud an Chabháin
  • de Fae, clann Angla-Normannach a tháinig go hÉirinn sa 12ú haois
  • Mhic Mághnais, a thagann ón ainm Lochlannach Magnus, clann as Ros Comáin ó dhúchas

Ríthe Bhréifne Uí Raghallaigh cuir in eagar

Ainm Réimeas Athair Nótaí
Conchobar 1256‑1257 Cathal
Matha 1257-1282 Domnall
Ferghal 1282-1293 Domnall maraithe
Giolla Iosa Ruaidh 1293- c. 1327 Domnall ar scor
Maelseachleann c. 1327-1328 Giolla Iosa Ruaidh
Risdeard 1328-1349 Giolla Iosa Ruaidh
Cú Chonnacht 1349-1365 Giolla Iosa Ruaidh ar scor
Pilib 1365-1384 Giolla Iosa Ruaidh
Tomas Mór 1384-1392 Mathgamain Ua Raighillaigh
Seoan 1392-1400 Pilib
Giolla Iosa 1400 Pilib
Maolmhordha 1403-1411 Cú Chonnacht
Risdeard 1411-1418 Tomas Mór
Eoghan na Feosaige 1418-1449 Seoan
Sean an Einigh 1449-1460 Eoghan na Feosaige
Cathal 1460-1467 Eoghan na Feosaige
Toirdhealbhach 1467-1487 Sean an Einigh
Seaan 1487-1491 Toirdhealbhach
Seán 1491-1510 Cathal
Aodh 1510-1514 Cathal
Eoghan Ruadh 1514-1526 Cathal
Fearghal 1526-1534 Seán ar scor
Maolmhordha 1534-1565 son of Seán
Aodh Connallach 1565-1583 Maolmhordha mac Seáin
John 1583-1596 Aodh Connallach
Pilib 1596 Aodh Connallach
Eamonn 1596-1601 Maolmhordha
Eoghan 1601-1603 son of Aodh Connallach maraithe
Maolmhordha 1603-1607 Aodh Connallach

Foinsí cuir in eagar

  • Simms, Katherine. The O’Reillys and the kingdom of East Breifne. Breifne Journal Vol. V, 1979
  • Parker, Kieran. The O’Reillys of East Breifne. Breifne Journal Vol. VII, 1991
  • Harriss, Gerald (2005). "Shaping the Nation: England, 1360–1461". Oxford: Oxford University Press. 
  • Brady, Ciaran. The O’Reillys and the problem of Surrender and Regrant. Breifne Journal Vol. VI, 1985
  • Joyce, Patrick Weston. A Concise History of Ireland. Dublin, 1893
  • Lenihan, Padraig. Consolidating Conquest: Ireland 1603-1727. Routeledge, London & New York, 2008
  • Connolly, S.J. Contested Island: Ireland 1460-1630. Oxford University Press, 2007
  • Hunter, R.J. An Ulster plantation town – Virginia. Breifne Journal Vol. IV, 1970
  • Fitzpatrick, Elizabeth. Royal Inauguration in Gaelic Ireland C. 1100-1600: A Cultural Landscape Study. The Boydell Press, 2004
  • Dolley, Michael & Seaby, W.A. Le Money Del ORaylly 1967
  • Cherry, Jonathan. The indigenous and colonial urbanization of Cavan town.
  • Gallogy, Dan. Brian Oge O'Rourke and the Nine Years War. Breifne Journal Vol. V
  • Perceval-Maxwell, M. Outbreak of the Irish Rebellion of 1641 McGill-Queen's University Press, 1994
  • Margey, Annaleigh. Surveying and Mapping Plantation in Cavan, c.1580-1622

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Parker, ll. 155
  2. Simms, ll. 306


Teimpléad:Connachta