John Boyle O'Reilly

file, úrscéalaí, agus gníomhaí ar son na hÉireann

File, úrscéalaí agus gníomhaí ar son na hÉireann ab ea John Boyle O’Reilly as Contae na Mí (a rugadh ar 28 Meitheamh 1844 agus a d’éag ar 10 Lúnasa 1890).[1]

John Boyle O'Reilly sa bhliain 1866
Infotaula de personaJohn Boyle O'Reilly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Meitheamh 1844
Contae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Lúnasa 1890
46 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHolyhood Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMary Murphy O'Reilly Cuir in eagar ar Wikidata


Discogs: 2190691 IMSLP: Category:O'Reilly,_John_Boyle Goodreads author: 1040094 Find a Grave: 8693523 Project Gutenberg: 8369 Cuir in eagar ar Wikidata

Éire agus Sasana

cuir in eagar

Fínín, agus de bharr a bhallraíocht i mBráithreachas na Poblachta, gabhadh é sa bhliain 1866. Caitheadh é i bPríosún i mBaile Átha Cliath ar dtús agus ansin Sasana.

 
John Boyle O'Reilly, "file", greanadóireacht adhmaid: Harper's Weekly, v. 34, 1890, p. 664.

In aimsir na bhFíníní sna 1860idí, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.

Cuireadh O'Reilly sall go dtí an Astráil mar phríosúnach, áit a chaitheamh i bPríosún Fremantle é in iarthar na hAstráile.

Tar éis eachtraí go leor, d’éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe. Ba é duine de bhuíonn fíorbheag a d’éirigh leofa éalú as an Astráil.

Na Stáit Aontaithe

cuir in eagar

Nuair a d’éirigh leis éalú go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. chuir sé faoi i mBostún.

 
Escape of Fenian convicts from Fremantle, Western Australia, greanadóireacht, 20.5 x 25.6 cm, Australasian Sketcher, 8 Iúil 1876

Ag obair mar iriseoir dó leis an nuachtán The Pilot, scaip a cháil agus bhain sé cumhacht mhór amach i measc an phobail Éireannach a bhí ann. Scríobh sé cuid mhaith leabhair idir filíocht, úrscéalta agus cúrsaú reatha agus bhí tóir air mar léachtóir freisin.

An Tarrtháil Catalpa

cuir in eagar

Chuir na Fíníní a bhí fós sa bpríosún litir chuig O’Reilly ("glór ón tuama” mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú. Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre. Bailíodh airgead i Meiriceá agus san Astráil chun na seisear a tharrtháil.

=> Príomhalt: An Tarrtháil Catalpa

 

Bhí a bhás conspóideach go leor ós rud é gur thóg sé piollairí le hoíche mhaith chodlata a bheith aige. Thóg sé ródháileog is cosúil, de thaisme b'fhéidir, agus bhuail taom croí é, ach dúradh go mb’fhéidir gur chuir sé lámh ina bhás féin. Ar ndóigh níorbh fhéidir é seo a chruthú nó a dhiúltú go dearfa.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Nollaig Ó Gadhra (1976). "John Boyle O'Reilly agus an glór Gael-Mheiriceánach" (as Irish). Baile Átha Cliath (Dublin): Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.