Áed mac Echach

Rí Chonnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Aodh mac Eochach Thirimcharna (Sean-Ghaeilge Áed mac Echach Tirmcharna) (bás 575[1]). He was the son of Eocha Tirimcharna mac Fearghasa (bás c. 556) ba ea a athair.[2] Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 557 agus bhí sé i réim go dtí 575.

Infotaula de personaÁed mac Echach
Beathaisnéis
Bás577
Teaghlach
PáisteUada mac Aodha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEchu Tirmcharna
Féach freisin rí Dhál Riada den 8ú haois, Áed Find

Dúnmharú mic le hAodh ba chúis cogadh leis an Ardrí, Diarmaid mac Cearbhaill (bás 563). Deir Seathrún Céitinn go raibh fleadh ag Diarmaid ag Teamhrach agus gur mharaigh Curnán mac Áedo (bás 559) fear desna huaisle ann. Chuir Curnán féin faoi chosaint Fearghasa agus Domhnaill de Chineál Eoghain, a chuir é ansin faoi chosaint a ngaol, Colm Cille. Rinne, Diarmaid Curnán a bhású sa bhliain 559, ámh, as dlíthe na Teamhrach a bhriseadh.[3] De le hAnnála na gCeithre Máistrí, tarraingíodh Curnán as lámha Cholm Cille. Mar thoradh, shocraigh Colm Cille a comhaontas idir Uí Néill an Tuaiscirt agus Aodh Connacht in aghaidh Dhiarmada.

Sa bhliain 560, troideadh Cath Cúl Dreimne (i gContae Shligigh) idir an comhaontas seo agus Diarmaid. Insíonn na Ceithre Máistrí gur chuir Colm Cille agus a phaidreacha draoithe Dhiarmada de dhroim seoil agus gur cloíodh é. Dar le T. M. Charles-Edwards, tharla an cath seo níos deireanaí, i gcríocha Cenél Cairpre Droma Cliab, ceantar idir Uí Néill an Tuaiscirt agus na Connachta. Molann sé fosta gurbh é comharbas ar Dhiarmaid ba bhun leis an gcath.[4]

Byrne in amhras faoi bharántúlacht luathghinealaigh Uí Bhriúin, agus measann sé fiú nach de mhuintir Uí Bhriúin iad luath-ríthe na gConnacht. Luann sé an tagairt i nAnnála Tiarnaigh do bhás Aodha sa bhliain 575 ag Cath Bágha, ina ndeirtear gur maraíodh é ag fir Uí Bhriúin.[5] Luann sé fosta an tuairisc i nAnnála Inis Faithlinn gur bhronn sé Eanach Dhúin ar Loch Coirib do Naomh Breandán de Chluain Fearta.[6] Tá amhras air gurbh fhéidir le taoiseach as Mag nAí an leithéid a dhéanamh.[7]

Molann Hubert Knox ámh gurbh as ceantar Eanach Dhúin iad muintir Uí Bhriúin ó dhúchas,[8] rud a mhíneoidh an scéal, mar fíor. Os a choinne sin, creideann Charles-Edwards gur were set up Uí Bhriúin i gConnachta ag Diarmaid, chun srian a chur le cumhacht Uí Fhiachrach, sula ndeachaigh Aodh sa chomhaontas ina aghaidh.[9]

Tháinig a mhac Uada (bás 600) i gcomharbacht air.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Daniel P. McCarthy,The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 19
  3. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar III, ll. 87-89
  4. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland , lch. 294
  5. Annála Tiarnaigh, AT 575.4
  6. Annála Inis Faithlinn AIF 578.2
  7. Byrne, lch. 245
  8. Hubert Thomas Knox, The History of the County of Mayo to the Close of the Sixteenth Century, ll. 19-20.
  9. Charles-Edwards, lch. 510