Aodh Ó Flaithearta (I)
rí Éireannach
(Athsheolta ó Aedh Ua Flaithbheartaigh)
Rí Iar Chonnacht ba ea Aodh Ó Flaithearta (I) (Meán-Ghaeilge Aedh Ua Flaithbheartaigh) (bás 1079).
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1079 |
Teaghlach | |
Athair | Ruairí Ó Flaithearta (I) |
Beatha
cuir in eagarBa é Aodh an tríú duine leis an sloinne Ua Flaithbheartaigh a bhí i gceannas Muintir Mhurchadha, agus is amhlaidh an dara duine tar éis do cuireadh an ruaig orthu as Maigh Sheola ag Aodh Ua Conchobhair sa bhliain 1051.[1]
Maraíodh Aodh sa bhliain 1079 ag Ruairí na Saidhe Buí.[2] Mar chúiteamh insan eachtra seo, rinne Toirdhealbhach Ua Briain, rí Mumhan ruathar ar na Connachta agus dhíbir sé Ruairí.[3]
Sa tásc faoina gharmhac sin bhliain 1091 deirtear gurbh é athair Aodha na Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh,[4] a maraíodh i gCath Ghleann Phádraig sa bhliain 1061.[5]
Foinsí
cuir in eagar- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí
- Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
- Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
Tagairtí
cuir in eagar
Réamhtheachtaí Ruaidhrí Ua Flaithbheartaigh (I) |
rí Iar Chonnacht 1061–1079 |
Comharba Mac mic Aodha Ua Flaithbheartaigh |