Rudolf Hertz

polaiteoir Gearmánach

Focleolaí agus polaiteoir Gearmánach ab ea Rudolf Hertz (3. Abráin 1897 i nDüsseldorf; † 22. Meitheamh 1965 in Bonn).[1]

Infotaula de personaRudolf Hertz
Beathaisnéis
Breith3 Aibreán 1897
Düsseldorf, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Meitheamh 1965
68 bliana d'aois
Bonn, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the Landtag of North Rhine-Westphalia (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Düsseldorf
Bonn Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bonn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Saor Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

Luathshaol cuir in eagar

Is i nDüsseldorf a rugadh Rudolf Hertz ar an 3 Aibreán 1897. Is i mBonn a chuaigh sé ar amn mheánscoil (Das Städtischen Gymnasium) agus rinnesé Abitur (Ard Teistiméireacht) mí Lúnasa 1914, agus é ocht mbliana déag d'aois. Ba de shliocht na nGiúdach Hertz. Ba é an tuairim a bhí ag na Naitsithe air go mba Ghiúdach é, ach i ndáiríre ní raibh ann ach 'an ceathrú cuid de Ghiúdach' ('Vierteljude') le téarmaíocht na Naitsithe féin a úsáid: a sheanathair ar thaobh amháin a bhí ina Ghiúdach, ach is é an creideamh a chuir sé féin síos dó féin sa C.V. a scríobh sé air féin in Ollscoil Bonn ná Evangelische ('Liútarach') agus is é sin atá ar a Sterbeurkunde ('teastas oifigiúil báis') chomh maith.

Hertz sa Chéad Chogadh Domhanda 1914-1918 cuir in eagar

Chomh luath agus a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, chuaigh sé isteach in airm na Gearmáine, ina óglach deonach, ar an 14 Lúnasa 1914. An bhliain dár gcionn, chláraigh sé ina mhac léinn in Ollscoil Bonn, cé nár luigh sé isteach ar a staidéar ar na hábhair seo; Laidin agus Gréigis agus an tSean-Stair, an Teangeolaíocht agus teangacha Ind-Eorpacha, go háirithe an Cheiltís, agus an Béaloideas.

Bhí Herts ina bhall den 'Dritte Telegraphen Bataillon' (' An Tríú Cathlán Teileagrafaíochta'), i rith an Chogaidh. D'fhág sé an cathlán céanna ar an 15 Nollaig 1918 agus é ina leiftenant sa gcúltaca. Tuigtear gur bronnadh an suaitheantas, an Chros Iarainnan air.

Hertz idir an Dá Chogadh cuir in eagar

Chuaigh Hertz ar ais chuig Ollscoil Bonn agus thosnaigh sé ar an chúrsa a luadar cheana. Bronnadh an chéim dochtúireachta air ar an 2 Márta 1925, ar thráchtas dár theideal 'Die Zeit- und Begründungskonjunktionen im Mittelirischen' ('Cónaisc ama agus cúisitheacha sa Mheán-Ghaeilge'). I gcaitheamh an ama sin, chaith sé bliain i München(1920-1921}, áit ar lean se den chúrsa céanna a bhí tosaithe aige i mBonn. Is cosúil gur fhan sé i mBonn go dtí go bhfuair sé céim an dara dochtúireacht, ar a dtugann na Gearmánaigh Habilitation, a thugann údarás don té a ghnóthódh í bheith ina iarrthóir ar phost mar ollamh ollscoile. Bronnadh an chéim air mí Feabhra 1930, ar thráchtas faoin teideal 'Der nasalierende Relativsatz des Altirischen' ('An Clásal Coibhneasta faoi Urú sa tSean-Ghaeilge'), tráchtas nár chuir Hertz riamh i gcló, in aon áit. B'fhéidir gur bhain an chéad eachtra eile a tharla dó leis an chinneadh seo?

I dtús na dtríochaidí ceapadh é ina léachtóir cúnta (Privatdozent) i Roinn na hInd-Eorpaise agus na Ceiltise, in Ollscoil Bonn. Sin é go díreach an t-am a dtáinig na Naitsithe chun cumhachta sa Ghearmáin. Sa bhliain 1933, briseadh as a phost é. Ceithre mhí ina dhiaidh sin, fuair sé litir eile ón Roinn Óideachais á rá leis go raibh maithiúnas faighte aige, mar go raibh sé ina Leifteanant ar an bhfronta le linn an chogaidh agus go bhféadfadh sé filleadh ar a phost san Ollscoil. Ach cúpla bliain ina dhiaidh sin arís, nauir a thainigh dlíthe Nürnberg i gcoinne na nGiúdach i bhfeidhm, sa bhliain 1935, briseadh go hiomlán as a phost é. Idir sin agus 1943, lean sé mar dhuine príobháideach ag déanamh staidéir agus taighde sa Ghaeilge.

Bhí sé ina bhaill se dhá pháirtí polaitíochta, an 'Demokratische Volkspartei' ('Páirtí Daonlathach na nDaoine') agus an 'Deutschnationale Volkspartei' ('Páirtí Gearmánach Náisiúnta na nDaoine'), dhá pháirtí a bhí i gcoinne Chonradh Versailles agus a bhí ar an eite dheis ó thaobh na polaitíochta.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar