Is é an rutarfoirdiam dúil cheimiceach uimhir a 104, agus is é Rf an giorrúchán ceimiceach a sheasann dó. Fuair sé a ainm i ndiaidh an fhisiceora Shasanaigh Ernest Rutherford, "athair na fisice núicléiche" mar a thugtar air. Dúil radaighníomhach amach is amach é an rutarfoirdiam, nó tá an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige,267Rf, gan ach 1.3 uair an chloig ar leathré. Ní féidir mórán a fháil amach faoi airíonna ceimiceacha an rutarfoirdiam mar sin, ach tugann na turgnaimh cheimiceacha le fios go bhfuil sé cosúil leis an haifniam ó thaobh na gcomhdhúl de.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachRutarfoirdiam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Rutarfoirdiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachRf agus Unq
Uimhir adamhach104
Cumraíocht leictreon[Rn] 5f¹⁴ 6d² 7s²
Peiriad, Grúpapeiread 7
grúpa 4
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirAlbert Ghiorso
Fionnachtain1964
EapainmErnest Rutherford

Chomh radaighníomhach is atá an rutarfoirdiam is léir nach bhfuil teacht ar bith air sa dúlra. D'éirigh leis na fisiceoirí Sóivéadacha in Institiúid Aontaithe an Taighde Núicléach (in Dubno) sna 1960idí adaimh aonair a chruthú, agus faoin am chéanna bhí na Meiriceánaigh ábalta an t-éacht céanna a chur i gcrích i saotharlann Berkeley, California. Bhí na Sóivéadaigh agus na Meiriceánaigh easaontach faoi ainm ceart na dúile go dtí an bhliain 1997, nuair a shocraigh Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) tús áite a thabhairt do na Meiriceánaigh. Is é an t-ainm a bhí á mholadh ag na Rúisigh ná cuirtseatóiviam, agus é bunaithe ar ainm Igor Kurchatov, a bhí i gceannas ar thionscadal na n-arm núicléach san Aontas Sóivéadach agus a fuair bás sa bhliain 1960.