Is daoine a labhraíonn na teangacha Sámacha iad na Sámaigh (Béarla: Sami), atá ina gcónaí i Sápmi, a chuimsíonn ceantair móra den Iorua, an tSualainn, an Fhionlainn agus Cúige Mhurmansk sa Rúis ( iarthuaisceart na Rúise).[1][2]

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaSámaigh

Cineálgrúpa eitneach agus pobal bundúchasach
Teangateangacha Sámacha
CreideamhLaestadianism (en) Aistrigh, Ceartchreidmheach an Oirthir agus seamanachas
Léarscáil dáileacháin

Tá timpeall 70,000 Sámach ann sa lá atá inniu ann agus tuairim is 10 dteanga Shámacha acu.[3]

Sami baile dúchais
Teaghlach Sámi san Iorua timpeall 1900

Modha maireachtála thraidisiúnta cuir in eagar

I mí Dheireadh Fómhair 2021, chinn Cúirt Uachtarach na hIorua gur sárú ar chearta na Sámach é ollfheirm ghaoithe agus tógáil na dtuirbíní. Ach thosaigh feirm ollmhór ag feidhmiú ó shin in ainneoin an rialaithe.[4]

Dar leis an phobal áitiúil Sámach go bhfuil méid na feirme ag cur isteach ar na tréadaithe réinfhia sa dúiche agus nár cheart go mbeadh an t-aistriú chuig fuinneamh glas ina bhagairt ar chearta na bpobal bundúchasach, san Iorua nó áit ar bith ar domhan.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mairéad Ní Nuadháin (27 Eanáir 2023). "Cuairt ar an bpobal Sámi i dtuaisceart na hIorua, pobal i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-28.
  2. "Sléacht réinfhianna: léargas ar chruachás na Sámach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-10.
  3. forasnagaeilge.ie. "Ilchríocha an Domhain". Dáta rochtana: 2023.
  4. 4.0 4.1 NÓS (2023-10-11). "Léirsiú ar son chearta na Sámach ag Parlaimint na hIorua" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-10-12.