Séamas Ó Dubhghaill
scríbhneoir Éireannach (1855-1929)
Scríbhneoir mór le rá le linn Athbheochan na Gaeilge ab ea Séamas Ó Dubhghaill (a dtugtar Beirt Fhear air freisin).[1] Rugadh i gCúil Eanaigh i bParóiste na dTuaithe i gContae Chiarraí é sa bhliain 1855. Chuaigh sé ar scoileanna náisiúnta - Fatha, Cuileannach agus Cill Ghobnatan. Chaith sé dhá bhliain déag i Sasana, naoi mbliana in Albain, deich mbliana i nDoire Cholm Cille agus ceithre bliana déag i mBéal Feirste, ina "Supervisor Excise". D’éag Ó Dubhghaill ar 30 Bealtaine 1929 in Ospidéal príobháideach Naomh Uinsionn, 94 Sráid Líosáin Íochtarach, Baile Átha Cliath.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Iúil 1855 Cúil Éanaigh |
Bás | 30 Bealtaine 1929 73 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | státseirbhíseach |
A scríbhinní
cuir in eagar- Trí Mion-scéilíní
- Beirt Fhear ón dTuaith
- Tadhg Gabha
- Leabhar Cainnte
- Cathair Conroí agus Scéalta eile
- Prátaí Mhichíl Taidhg
- Cléibhín Móna
Ábhar leabhar eile i gcló i 'Misneach'; 'Cainnt na Cathrach'; 'Muinntear na Tuatha'.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó DUBHGHAILL, Séamas (1855–1929) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.