Ba ghníomhaí míleatach poblachtach Éireannach é Séamus Ó Tuama (5 Samhain 1919 - 12 Meán Fómhair 1989 ). a bhí dhá uair mar cheann foirne ar an IRA Sealadach.

Séamus Ó Tuama
Saol
Eolas breithe Béal Feirste, Samhain 5, 1919
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, Meán Fómhair 12, 1989
Áit adhlactha Milltown Cemetery (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm gníomhaí polaitiúil
Ballraíocht IRA Sealadach
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Na Trioblóidí

BeathaisnéisCuir in Eagar

Rugadh Ó Tuama i mBéal Feirste ar Shráid Marchioness [1], bhí cónaí ar ag 6 Sráid Sevastopol i gceantar na bhFál . "Thumper" a thugtaí air mar go raibh sé teasaí ó nádúr, agus an nós a bhí aige a dhorn a bhualadh ar tháblaí, is beag oideachas a fuair sé agus bhí sé ina 'reathaí' geallghlacadóra. Oibrí deonach sna 1920idí ba ea athair Sheamais. Bhí cónaí air i mBéal Feirste, go compordach lena bhean chéile, Rosie, a phós sé i 1946. Le chéile bhí mic agus iníonacha acu.

Óglaigh na hÉireann (an IRA)Cuir in Eagar

Bhí baint aige leis an IRA ón na 1930idí agus imtheorannaíodh é i dTuaisceart Éireann le linn na 1940idí ar an long príosúin Al Rawdah agus ina dhiaidh sin i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Coinníodh Rosie, a bhean chéile, ina príosúnach i bpríosún na mban, Ard Mhacha, i dTuaisceart Éireann. Chuir sé i gcoinne an bhogtha i dtreo na heite clé, an t-athrú a thacaigh Cathal Goulding leis sna 1960idí, agus i 1968, chuidigh sé leis an Andersonstown Republican Club (Cumann Roddy McCorley ina dhiaidh sin) a bhunú.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Volunteer Seamus Twomey, 1919-1989 : a tribute.