Séamus Mac Seáin

gníomhaí teanga agus scríbhneoir as Béal Feirste

Is gníomhaí teanga, scríbhneoir agus iar-fhear tacsaí ó Bhéal Feirste é Séamus Mac Seáin. Rugadh sa bhliain 1937 é.

Infotaula de personaSéamus Mac Seáin
Beathaisnéis
BreithNollaig 1937
86 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéal Feirste
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

D'fhoghlaim sé an Ghaeilge ag ranganna Chonradh na Gaeilge i ndiaidh dó an scoil a fhágáil ag 15. Chláraigh sé le Cumann Chluain Ard nuair a bhí sé 18 mbliana d'aois. D'oibrigh sé mar mheicneoir ag córas bus Bhéal Feirste.

Bhí sé ar feadh tamaill ina oibrí forbartha Gaeilge, ina fhear tacsaí agus ar feadh 20 bliain, ba é stiúrthóir airgeadais an Andersonstown News i mBéal Feirste é.

Bhí baint aige le bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe in 1969, le hatógáil Shráid Bombay in 1970, le bunú Bhunscoil Phobal Feirste sa bhliain 1971, le bunú na chéad Mheánscoile Gaeilge sa chathair in 1978, Chlub Leabhar Choiscéim agus Chumann Staire Uí Fhiaich in 1990 agus le bunú Choláiste Feirste agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in 1991. Ba é an chéad Chathaoirleach ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta, a bunaíodh in 2001.

Ceapadh é ina Chathaoirleach ar Taca, an charthanacht a bhailíonn airgead don Ghaelscolaíocht sna sé chontae.

Phós sé féin agus Brighid Ní Chonghaile 50 bliain ó shin agus tá ceathrar páistí acu, deichniúr garpháistí agus fionnó amháin.

Saothair dá chuid cuir in eagar

  • D’imigh sin agus Tháinig seo, Scéal oibrí fir i mBéal Feirste a linne. Coiscéim, 2010 296 lth. Dírbheatháisnéis ar shaol agus saothar duine de laochra na Gaeilge i mBéal Feirste.

Tagairtí cuir in eagar