I gcúrsaí gnó, is sócmhainn an rud ar leis an ghnólacht nó atá dlite dó (le fáil ar ais ó dhaoine nó gnólachtaí eile).[1]

mórleabhar (1828)

Bíonn sócmhainní de dhíth ar ghnólachtaí chun earraí agus seirbhísí a sholáthar. Bíonn sócmhainní seasta de dhíth ar nós oifigí agus modhanna taistil.. Caithfidh comhlacht clár comhardaithe a chur ar fáil ag deireadh na bliana a thaispeánfaidh na sócmhainní agus na fiacha atá ag an chomhlacht. Léiríonn sé luach an ghnólachta ag an phointe sin.[1]

Saghsanna cuir in eagar

Roinntear sócmhainní an ghnólachta ina dhá ngrúpa: sócmhainní seasta agus sócmhainní reatha.

Sócmhainní seasta: sócmhainní a mhaireann níos faide ná bliain. Rudaí iad seo atá le húsáid sa ghnólacht. Samplaí de shócmhainní seasta is ea áitreabh, trealamh, troscán agus córacha iompair. Ní thig leat na sócmhainní seasta a fheiceáil i gcónaí, mar shampla, is sampla de shócmhainní seasta iad infheistíochtaí i ngnólachtaí eile.[1]

Sócmhainní reatha: sócmhainní nach maireann chomh fada le bliain. Ciallaíonn sé sin go dtagann athrú orthu i rith na bliana. Samplaí de shócmhainní reatha is ea stoc, airgead sa bhanc, srl. Tá na sócmhainní reatha ar cheann de na rudaí a thig leis an ghnólacht a athrú go furasta agus go gasta ina airgead tirim.

Chun na sócmhainní seo a cheannach caithfidh gnólachtaí airgead a chruinniú ó fhoinsí difriúla, mar shampla, iasachtaí. Mar sin,

Sócmhainní reatha = Caipiteal Oibre + Fiacha reatha[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 cogg.ie. "Staidéar Gnó: TGMO". Dáta rochtana: 2021.