Ráiteas a léiríonn luach gnólachta de réir na gcuntas, ar dháta áirithe, is ea clár comhardaithe.[1] Ráiteas de na sócmhainní, de na dliteanais agus den chaipiteal atá ag gnólacht ar dháta áirithe is ea é. Caithfidh comhlacht clár comhardaithe a chur ar fáil ag deireadh na bliana a thaispeánfaidh na sócmhainní agus na fiacha atá ag an chomhlacht.[2]

Sampla

Bíonn an clár comhardaithe mar a bheadh grianghraf ann de staid an ghnólachta. Is iad cuntais deiridh an ghnólachta na gearr-ráitis airgeadais a chuirtear ar fáil, ag deireadh gach bliain trádála de ghnáth.[2]

Sna bunchuntais deiridh bíonn:

• Cuntas trádála

• Cuntas brabúis agus caillteanais

• Clár comhardaithe

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""clár comhardaithe"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  2. 2.0 2.1 cogg.ie. "Staidéar Gnó: TGMO". Dáta rochtana: 2021.