Is cluiche dúcheiste é Sūdoku, (Seapáinis: 数独, 'uimhir aonair'), a litrítear mar Sū Doku uaireanta. Is í aidhm an chluiche ná uimhir ó 1 go 9 a lonnú i ngach cillín ghreille, don chuid is mó greille 9×9 le fo-ghreillí 3x3 (ar a dtugtar "réigiúin"), ag tosnú le uimhreacha áirithe líonta isteach cheana sa ghreille. Níl ach aon riail amháin ann chun an cluiche a imirt - líon isteach an ghreille sa chaoi is nach bhfuil aon uimhir in aon tsraith, cholún nó réigiún faoi dhó. Tá leagan amach na greille cosúil le crosfhocail agus fadhbanna fichille a fhoilsítear de ghnáth sna nuachtáin.

Bosca Sonraí CluicheSūdoku
Sampla dedúcheist agus spórt intinne
Bunaithe arLatin square (en) Aistrigh
Seánrapuzzle video game (en) Aistrigh

Chruthaigh an matamaiticeoir Eilvéiseach Leonardo Eulero dúcheist an-chosúil le Sūdoku i 1784. Bhain an cluiche cáil amach don chéad uair sa tSeapáin i 1986 agus baineadh cáil idirnáisiúnta amach don chluiche i 2005. Is féidir cluichí Sūdoku a fháil anois sna nuachtáin is coitianta i mbeagnach gach aon tír - mar shampla, in The Irish Times in Éirinn, in The Times sa Bhreatain is in Corriere della Sera san Iodáil.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Ardán chun dul san iomaíocht i sudoku go hidirnáisiúnta. Ar fáil freisin i bhFraincis Sudoku, Gearmáinis Sudoku agus Iodáilis Sudoku.
  • Ardán idirnáisiúnta chun Sudoku a imirt le leibhéil éagsúla deacrachta, rátálacha imreoirí, ranganna teagaisc agus cur síos mionsonraithe ar an gcomhéadan. Chomh maith leis sin sa tSeapáinis, Araibis agus Fraincis.

Tagairtí cuir in eagar