S. Subramania Iyer

dlíodóir Indiach

Dlíodóir, breitheamh agus feachtasóir ar son shaoirse na hIndia ab ea S. Subramania Iyer (Tamailis: சுப்பையர் சுப்பிரமணிய ஐயர்; 1 Deireadh Fómhair 18425 Nollaig 1924)) ar a tugadh an "Grand Old Man of South India".

S. Subramania Iyer
S. Subramania Iyer statue.jpg
Saol
Eolas breitheMadurai, 1ú Deireadh Fómhair 1842
BásChennai, 5 Nollaig 1924
Oideachas
Alma materPresidency College (en) Aistrigh
Gairm
Gairmdlíodóir
Duaiseanna
SSubramaniIyer laterlife.jpg


SaolCuir in Eagar

Bhí Iyer ina dhlíodóir ó 1869 go dtí 1888. Ceapadh ansin ina phléadálaí rialtais é, sa bhliain 1891 ina bhreitheamh gníomhach agus sa bhliain 1895 ina bhreitheamh de chuid Ard-Chúirt Madras (Chennai inniu). Sa bhliain 1907 a d'éirigh sé as, agus é ina Phríomh-Bhreitheamh.

Bhí Iyer ar dhuine de bhunaitheoirí na Comhdhála Náisiúnta sa bhliain 1885 .Ghlac sé pháirt ghníomhach inti go dtí gur ceapadh ina bhreitheamh é. Ghlac sé leis an iarratas a rinne Annie Best air a bheith ina Uachtarán ar Chonradh na hUile-India um Rialtas Dúchais tráth ar bunaíodh é sa bhliain 1916.

De bharr an cheangail a bhí ag Iyer le Besant agus leis an gConradh, go pointe áirithe toisc go raibh spéis aige sa diasúnacht, sheas sé an fód in éadan an Rialtais. D'éirigh sé níos míleataí de réir a chéile agus thug sé suas a ridireacht sa bhliain 1918.

Bhí Iyer ina phátrún ar an ardoideachas agus staidéar creidimh Hiondúch, chomh maith le scoláireacht an dlí san India Theas.[1]

ÉireCuir in Eagar

Bhí an-suim ag Subramania Iyer i gcúrsaí in Éirinn ar feadh a shaoil. Chuaigh na himeachtaí in Éirinn sna 1900idí go mór i bhfeidhm ar Iyer roimh a bhás.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "S. Subramania Iyer" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-05.