Bean den treibh Shoshone i Meiriceá Thuaidh a chuidigh le Meriwether Lewis agus William Clark ar a dturas taiscéalaíochta siar go hOregon ab ea Sacagawea (Bealtaine 17881812 (a chreidtear)). Bhí sí pósta le trádálaí Franca-Cheanadach darbh ainm Toussaint Charbonneau. Bhí sí ina teangaire ag Lewis agus Clark, go mór mhór nuair a bhuail siad lena muintir Shoshone féin. Bhí eolas aici ar an tírdhreach, an fána agus an flóra, agus ar nósanna na mbundúchasach sa chuid sin den mhór-roinn. Ní ba thábhachtaí, b'fhéidir, thuig bundúchasaigh a casadh orthu gur cuspóirí síochánta a bhí acu, mar ní bheadh bean mar bhall de chompánacht chogaidh.

Infotaula de personaSacagawea

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithi. 16 Bealtaine 1788
Salmon (luach ar iarraidh)
Básf. 12 Nollaig 1812
24 bliana d'aois
Fort Lisa, North Dakota (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Epidemic typhus (en) Aistrigh)
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSioiseoiní
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, ateangaire, Aitzindari Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileToussaint Charbonneau Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJean Baptiste Charbonneau Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 3389 Cuir in eagar ar Wikidata
Dealbh de Sacagawea in Bismarck, Dakota Thuaidh

Rugadh Sacagawea i ngleann na hAbhann Lemhi, in aici Salmon, Idaho, inniu. Bhí Sacagawea ar ghrúpa ban óg a d'fhuadaigh fir ón treibh Hidatsa. "Éan-bhean" an chiall atá le Sacagawea sa teanga Hidatsa. Phós sise agus bean Shoshone eile Toussaint Charbonneau, a bhí ina chónaí i measc na Hidatsa. De réir na gcuntas comhaimseartha, cheannaigh sé iad nó fuair sé iad mar dhuais i mbabhta cearrbhachais.

Le linn uachtaránacht Thomas Jefferson, cheannaigh na Stát Aontaithe cuid mhór de iarthar Mheiriceá Thuaidh ó na Francaigh. Chuir Jefferson sluaíocht siar leis an gcuid sin den mhór-roinn a thaiscéaladh faoi Lewis agus William Clark. Mhair an turas taiscéalaíochta ó 1804 go 1806; chuaigh Sacagawea leo sa bhliain 1805, í ag iompar clainne agus rug sí mac, Jean-Baptiste, go gairid ina dhiaidh sin.

I ndiaidh an turais siar, chaith Sacagawea agus Charbonneau trí bliana leis na Hidatsa. Ansin, sa bhliain 1809, thug Clark cuireadh dóibh teacht chuig Saint Louis agus chuir siad fúthu ansin in éineacht lena mac. Rugadh iníon di i 1810 darbh ainm Lizette. Luaitear í seo cúpla bliain ina dhiaidh sin mar leanbh folláin ach creidtear go bhfuair sí bás go hóg mar ní luaitear arís í gcuntas ar bith. Faoin mbliain 1811 bhí Sacagawea agus Charbonneau ina gcónaí ag Fort Phost Trádála Manuel Lisa in aice críoch na Haditsa. Scríobh cléireach sa phost trádála sa bhliain 1812 go raibh Sacagawea i ndiaidh bás a fháil sa dhúnfort.[1]D'uchtaigh William Clark Jean-Baptiste sa bhliain 1812, rud nach ndéanfaí dá mbeadh na tuismí beo agus tá a fhios go raibh Sacagawea tinn tamall roimhe sin. Chaith Jean-Baptiste tamall san Eoraip agus é ina fhear óg agus an chuid ba mhó dá shaol in áiteanna difriúla agus ag obair i bpostanna difriúla.

De réir foinsí áirithe, fuair sí bás i bhfad ní ba dhéanaí, sa bhliain 1884, i ndiaidh dul a chónaigh leis na Comanche ar feadh tamaill agus ansin filleadh ar ais go dtí na Lemhi Shoshone.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Drumm, Stella M., ed. (1920). Journal of a Fur-trading Expedition on the Upper Missouri: John Luttig, 1812–1813, St. Louis: Missouri Historical Society.

Naisc sheachtracha cuir in eagar