Salalah
cathair in Óman
Is cathair in Óman í Salalah (Araibis: صلالة), príomhchathair Dhofar, cúige i ndeisceart na tíre. Tá daonra 355,000 ann. Is í an dara chathair is mó in Óman.[1]
Salalah | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Governorates of Oman (en) | Dhofar Governorate (en) | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 331,949 (2020) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 18 m |
Stair cuir in eagar
Ba í príomhchathair Dhofar le fada agus rath mór air de bharr cúrsaí trádála san ochtú haois déag. Ach tar éis tréimhse meatha, glacadh isteach san Sultantacht Muscat í sa naoú haois déag.
Bhí sí mar phríomhchathair Óman go dtí go dtáinig Sultan Qabus id Al Said i gcumhacht sa bhliain 1970 agus a bhog a áit chónaithe agus de bharr sin, suíomh an ardchathair go dtí Muscat.
Eacnamaíocht cuir in eagar
Tar éis deireadh éirí amach chúige Dhofar sa bhliain 1975, rinneadh forbairt mór ar an gcathair.
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Ṣalālah | Oman | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2023-01-24.
Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |