Sam McBride

Eagarthóir chúrsaí an Belfast Telegraph agus an Sunday Independent

Is é Sam McBride eagarthóir chúrsaí Thuaisceart Éireann an Belfast Telegraph agus an Sunday Independent. Scríobhann sé maidir le cúrsaí an Tuaiscirt ar The Economist chomh maith agus chaith sé seal ag obair leis an BBC. Is minic a bhíonn sé ar an raidió agus ar an teilifís, agus anailís á déanamh aige ar eachtraí a imríonn tionchar ar pholaitíocht Thuaisceart Éireann. Bhain a leabhar Burned: The Inside Story of the Cash-for-Ash Scandal and Northern Ireland’s Secretive New Elite áit amach ar liostaí mórdhíola an Sunday Times agus an Irish Times, agus ainmníodh é do Dhuais Cuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs.

Infotaula de personaSam McBride
Gníomhaíocht
Gairmeagarthóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirBelfast Telegraph
Sunday Independent Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar