The Economist
Nuachtán seachtainiúil i mBéarla is ea The Economist, arbh é an Economist Group a úinéir agus a chuirtear in eagar go príomha in oifigí i Londain. Chuir James Wilson The Economist ar bun i mí Meán Fómhair, 1843. Mar gheall ar a stair luath, tugann The Economist "nuachtán" air féin, ach le blianta fada tagann gach uimhir a chuirtear i gcló amach ar pháipéar snasta cosúil le hirisleabhar. 1.5 milliún cóip an chiorclaíocht ag The Economist sa bhliain 2006. Díoltar leath díobh sna Stáit Aontaithe.
Cineál | irisleabhar |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Am tosaigh | 1843 |
Bunaitheoir(í) | James Wilson |
Úinéir | The Economist Group (en) |
Áit a fhoilsithe | Londain |
Tréith | |
Eatramh foilsithe | 1 seachtain |
Seánra | iris nuachta |
Príomhábhar | eacnamaíocht agus polaitíocht |
Príomheagarthóir | John Micklethwait (2006–2014) Zanny Minton Beddoes (2015–) |
Foilsitheoir | The Economist Group (en) |
Aitheantóirí | |
ISSN | 0013-0613 agus 1476-8860 |
CODEN | EONOEH |
OCLC | 531780543 |
LCCN | 08017464 |
Suíomh | economist.com |
Is é an Economist Group úinéir An Economist. Tá 50% de na scaireanna i lámha na dteaghlach Rothschild (an chraobh Sasanach díobh) agus Agnelli. Is le hinfheisteoirí príobháideacha an 50% eile, eagarthóirí agus baill eile na foirne ina measc. Tá ionadaithe de chuid mhuintir Rothschild agus Agnelli araon ar bhord stiúrtha an nuachtáin.
De réir an ráiteas misin atá ag The Economist agus atá le feiceáil in gach uimhir de, tá comhrac dian idir an éirim agus aineolas faiteach neamhfhiúntach a chuireann bac ar an dul chun cinn. Seasann an nuachtán an fód ar son na saorthrádála, an domhandaithe agus na saorinimirce.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |