Sandaidh NicDhòmhnaill Jones

file Albanach

File Gaeilge agus ceoltóir as Albain is ea Sandaidh NicDhòmhnaill Jones.

Infotaula de personaSandaidh NicDhòmhnaill Jones
Gníomhaíocht
Gairmfile, cláirseoir, aistritheoir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis

Suíomh gréasáinsandynicdhomhnailljones.com Cuir in eagar ar Wikidata

Thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge in 2000 agus ag scríobh filíochta in 2007. Bhain sí Duais Filíochta Gaeilge Bhaile na h-Ùige in 2013 agus Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill in Éirinn in 2014, agus foilsíodh dánta léi in irisí.[1]

De réir mar a mhéadaigh a suim i dteangacha, thug sí suntas d’fhilíocht na dteangacha sin agus rinne sí aistriúcháin. Mar scríbhneoir amhrán, is maith léi foirmeacha traidisiúnta a úsáid i dtaca le rím, rithim agus meadaracht de.[2]

D’fhoilsigh sí a céad bhailiúchán, Crotal Nuadh, in 2016 agus moladh í mar fhile a fáisceadh as an dúchas Gaelach ach a raibh rian na hoidhreachta Eorpaí ar a saothar chomh maith. Ba í Bàrd a’ Chomuinn Ghàidhealaich 2019-2021 í ag an Mòd Náisiúnta Ríoga i nGlaschú in 2019.[3]

Choimisinigh Acadamh Ríoga na hÉireann sraith dánta uaithi chun comóradh a dhéanamh ar an míle is cúig chéad bliain ó rugadh Colm Cille. Is é an teideal atá ar an saothar An Naomhsgeul as Buaine agus seacht ndán déag ann a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leo.

Sliocht as “Fàth”:

Mis’ an lionn a dh’fhosglas
sùil-inntinn a’ bhàird,
’s a leigeas fhaicinn
taobhan eile
nach shaoileadh tu
’s nach creideadh tu.
Mis’ an deoch
a lasas tèine-lèirsinn
is a fhadas sradag
ro-shealladh an fhàidh.