Ar fheirmeacha saor-raoin, ligtear d’ainmhithe am a chaitheamh amuigh faoin aer. Díoltar uibheacha, feoil, agus táirgí déiríochta saor-raoin i siopaí agus ollmhargaí ar fud na tíre. Cuirtear an lipéad saor-raoin orthu nuair ó fheirmeacha saor-raoin a thagann siad.[2]

Domhnach an Eich (Donaghanie), Contae Thír Eoghain[1]
muca saor-raoin

Mar shampla, tá cead ag sicíní saor-raoin siúl agus scríobadh lasmuigh sa chré ar fheirmeacha saor-raoin. Coinnítear sicíní nach bhfuil saor-raoin istigh mar beirtear níos mó uibheacha díobh ansin. Is iad na feirmeacha seo na cinn is coitianta in Éirinn mar gheall ar an éileamh mór ar fheoil agus uibheacha. Bíonn na feirmeacha saor-raoin níos lú. Mar gheall ar sin, bíonn feoil agus uibheacha saor-raoin níos costasaí. Bíonn caighdeán sláinteachais agus cúram imshaoil ag an dá shaghas feirmeacha in Éirinn.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Domhnach an Eich/Donaghanie" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-05-25.
  2. 2.0 2.1 agriaware.ie. "Anatamaíocht". Dáta rochtana: 2023.