Ba mhór an scannal an chaoi ar iompair Luis Rubiales, iaruachtarán chónaidhm sacair na Spáinne, é féin le linn Corn Domhanda FIFA na mBan 2023. Tugadh bata is bóthar dó mar gheall ar an bpóg mhíchlúiteach a thug sé do chaptaen fhoireann ban na Spáinne Jenni Hermoso, ag bronnadh na mbonn.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Luis Rubiales
Íomhá
Cineálcoinbhleacht
sports scandal (en) Aistrigh
sex scandal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse20 Lúnasa 2023 - 26 Eanáir 2024
Dáta na bliana20 Lúnasa 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn agus an Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar na mban Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#SeAcabo agus #Acabouse Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Rubiales greann den scéal ar dtús. Ansin rinne sé iarracht beagní a dhéanamh den eachtra; bhí sé sáite sa chluiche, a dúirt sé níos déanaí, sin nó bhí an-chonsaeit aige dó féin. Ach ní raibh sé in ann fanacht in oifig de bharr an iompair seo.

Banaí is ea Rubiales, a tharraing conspóid go minic roimh 2023.[2]

Luis Rubiales
Jenni Hermoso

Na heachtraí cuir in eagar

Laura Coombs : Dúirt Rubiales nach ndearna sé ach iarracht sólás a thabhairt di.[3]

Phóg Rubiales imreoir de chuid na Spáinne, Jenni Hermoso, ar na beola ag bronnadh na mbonn tar éis don Spáinn Corn Domhanda FIFA na mBan a bhuachan san Astráil ar an 20 Lúnasa 2023.[4] Tharla an eachtra os comhair an tsaoil mhóir.[5] Dúirt Jenni Hermoso ina dhiaidh sin, áfach, gur póg gan chead a bhí ann agus gur chuir an gníomh samhnas uirthi.

Tharla eachtraí eile. Nuair a shiúil foireann na Spáinne suas chun a gcuid bonn a bhailiú, dúirt Hewitt go raibh greim daingean ag Rubiales ar na peileadóirí. ‘Chuimil sé cuid ar a ndroim, thapáil sé bean eile ar a tóin, agus thóg sé roinnt eile dá gcosa’. Ddúirt cathaoirleach FA Shasana, Debbie Hewitt gur chuimil Rubiales aghaidh Laura Coombs agus ansin ‘is cosúil gur phóg sé Lucy Bronze ar a aghaidh go tréan’. Dúirt Rubiales nach ndearna sé ach iarracht sólás a thabhairt do Coombs mar gur gortaíodh í le linn an chluiche ceannais agus go raibh bindealán á chaitheamh aici ar a ceann.[3]

I mbéal an phobail cuir in eagar

Tharraing an phóg conspóid sna meáin timpeall an domhain. Dúradh go forleathan gur gnéasachas a bhí mar bhunús leis an gcaoi ar chuir Rubiales a lámha timpeall an imreoir Spáinneach, os comhair an domhain mhóir, agus léiriú é ar an obair atá le déanamh i spórt na mban chun comhionannas iomlán a bhaint amach.[1]

Ghlac Rubiales féin an scéal ina ábhar grinn.

Gníomh smachtaithe cuir in eagar

Iompar drochmhúinte a bhí ann, agus i bhfianaise na conspóide, d'éirigh Luis Rubiales as a phost, in aghaidh a thola, mar uachtarán Chumann Sacair na Spáinne ar an 10 Meán Fómhair 2023.[6]

I mí Dheireadh Fómhair, bhí Rubiales curtha ar fionraí ar feadh trí bliana ag an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA). Dúirt FIFA gur gearradh téarma fionraíochta trí bliana ar Rubiales as alt 13 de chód smachta na heagraíochta a shárú. Ní raibh cead aige páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí oifigiúla a bhaineann le FIFA. Dúradh i ráiteas FIFA chomh maith go raibh an eagraíocht "diongbháilte ar ionracas gach duine a chosaint agus ar a chinntiú go gcloífí le bunrialacha an dea-iompair".

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Méabh De Búrca (25 Lúnasa 2023). "Cuirfidh Corn Domhanda na mBan 2023 leis an deiseanna atá ann an cluiche ar fud na cruinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-30.
  2. "Luis Rubiales: el dedazo a sus novias del presidente de la Real Federación Española de Fútbol" (es). ELMUNDO (2023-08-21). Dáta rochtana: 2023-10-30.
  3. 3.0 3.1 extrag.ie (2023-12-07). "Conspóid ‘An Póg’ níos measa do Rubiales" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-12-10.
  4. Guardian (2023). "Luis Rubiales kisses Jenni Hermoso after Spain’s victory in World Cup final" (as en). 
  5. "Luis Rubiales kisses Jenni Hermoso after Spain’s victory in World Cup final" (as en) . 
  6. Ashifa Kassam (2023-09-11). "Luis Rubiales resignation hailed as win for feminism but questions remain" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-12-10.