Scaoil amach an bobailín!

nath cainte Gaeilge

Is nath cainte Gaeilge é Scaoil amach an bobailín!. Le Conamara a bhain sé i dtosach.

Deirtear é le teann spraoi. Máirtín Seoighe: Má bhíonn rudaí ag dul go maith cuirfidh muid i gcás ag cluiche peile/iománaíochta, iomaíocht ghéar ann nó má bhíonn sé ina chraic ag damhsa agus chuile dhuine i ndea-ghiúmar deirtear ansin é sna comhthéacsannaí sin. [...] Deirtear é agus é ina scléip.

Feictear uaireanta daoine ag rá gur nath gáirsiúil é ach ní hea. Is é a bhí le rá ag an scríbhneoir Darach Ó Scolaí faoi:

Nuair a bhí mé ar an mbunscoil deirtí "Hé hó a deir an bobailín nuair a thit sé sa tobairín!" sula mbuailfí idir an dá chois thú. Níos deireanaí a tháinig an nath "Scaoil amach an bobailín!" chun cinn, ach ní raibh dabht ar bith riamh orm nach é an bobailín céanna a bhí i gceist.

Scaoil Amach an Pocaide lena rá ar bhealach eile. Aistriúchán scaoilte go Béarla ná ‘Let it all hang out’.

Brat Chorn an Domhain cuir in eagar

Cruthaíodh brat mór Éireannach ar a raibh an nath breactha i litreacha 6 troithe ar airde do Chorn Sacair an Domhain 1990 san Iodáil. Ar deireadh díoladh an brat le tábhairneoir i Siceagó.

Féach freisin cuir in eagar