Scaoil Amach an Bobailín
clár teilifíse Gaeilge
Clár teilifíse Gaeilge a bhí in Scaoil Amach an Bobailín ar a mbíodh sceitsí grinn, rac-cheol agus díospóireachtaí ar chúrsaí sóisialta agus polaitíochta.
Láithreoir(í) | Seán Bán Breathnach agus Cynthia Ní Mhurchú |
---|---|
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | Raidió Teilifís Éireann |
An chéad eipeasóid | 7 Deireadh Fómhair 1990 |
An eipeasóid dheireanach | 1992 |
Clár neamhfhoirmiúil agus tarraingteach a bhí ann do chainteoirí Gaeilge Gaeltachta agus neamhGhaeltachta araon.
Seán Bán Breathnach agus Cynthia Ní Mhurchú a chuir i láthair. Bhí beirt thuairisceoirí óga freisin, Rónán Mac Aodha Bhuí agus Bláthnaid Ní Chofaigh, a chuaigh timpeall na tíre ag lorg scéalta mealltacha. Craoladh an tsraith den chéad uair ar 7 Deireadh Fómhair 1990 agus tháinig deireadh léi tar éis na bliana 1992.