Seán Bán Breathnach

láithreoir teilifíse agus raidió Éireannach

Láithreoir raidió agus teilifíse is ea Seán Bán Breathnach, nó SBB mar atá aithne air chomh maith, a chraolann don chuid is mó trí mheán na Gaeilge. As Indreabhán i gContae na Gaillimhe dó, bíonn sé le cloisteáil agus le feiceáil ar na stáisiúin RTÉ, Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Infotaula de personaSeán Bán Breathnach
Beathaisnéis
Breith1949
74/75 bliana d'aois
Contae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Raidió na Gaeltachta

Gairm cuir in eagar

Is ag casadh ceirníní ar an gclár Popseó na Máirte ar Radio Éireann a thosaigh Seán Bán ar an gcéad lá d’Aibreán 1969.[1]

Ní raibh sé ach naoi mbliana déag d'aois nuair a thosaigh sé ag cur a chéad chlár teilifíse Imeall i láthair, clár ceoil dátheangach. Agus bhí sé le feiceáil don chéad uair ar an scáileán mór i 1975 leis an dráma Caoineadh Airt Uí Laoire (Bob Quinn) sa phríomhról mar Art Ó Laoire.

Idir 1976 agus 1982, chuir sé SBB ina Shuí i láthair ar an teilifís le Gráinne Uí Maitiú ("Gráinne Gleoite").[2]

Tá níos mó aithne air sa lá inniu mar tráchtaire agus aoi ar chláir spóirt, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 ach go háirithe. is mó aithne atá air don chraoltóireacht spóirt. Ba é agus Mártan Ó Ciardha a thosaigh an clár Spórt an tSathairn ar Raidió na Gaeltachta sna 1980idí.[1]

Sa bhliain 2021, bhí gradam saoil ag Cumann Lúthchleas Gael bronnta ar an gcraoltóir, mar chuid de Ghradaim MacNamee 2020, gradaim chumarsáide na heagraíochta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar