Cynthia Ní Mhurchú
Iarchraoltóir, abhcóide agus polaiteoir í Cynthia Ní Mhurchú a sheasfaidh d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh sa bhliain 2024.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1966 57/58 bliana d'aois Ceatharlach, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, láithreoir, abhcóide |
Teangacha | An Ghaeilge |
Bhain Cynthia Ní Mhurchú cáil amach mar chomhláithreoir ar Chomórtas Eóraifíse na bliana 1994, in éineacht le Gerry Ryan, an oíche ar cuireadh Riverdance os comhair an tsaoil den chéad uair, agus bhí sí ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge ab aitheanta lena linn chomh maith.
Bhí sí ina láithreoir ar na cláir Cúrsaí agus Scaoil Amach an Bobailín ar RTÉ agus d’oibrigh sí le RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin, áit ar craoladh a clár Cynthia Sa gCathaoir. Chuir sí clár an Chrannchuir Náisiúnta i láthair freisin.
Mar mhúinteoir i scoil lán-Ghaeilge i gCeatharlach a chuir sí tús lena saol oibre.
Tá Ní Mhurchú, atá 57 bliain d’aois, ag obair mar abhcóide le os cionn 25 bliain, i réimse an dlí teaghlaigh go háirithe. Dúirt sí go gcabhródh a taithí saoil, agus a taithí i saol an dlí go háirithe, go mór léi dá dtoghfaí í.
Dúirt sí go raibh “luí áirithe” aici le Fianna Fáil riamh agus gur cuireadh ceist uirthi i 1990 an mbeadh suim aici a bheith ina hiarrthóir toghcháin dóibh. Tá suim ar leith aici sa dlí teaghlaigh agus sa tsábháilteacht ar líne do chách. Tá sí pósta agus tá beirt chlainne uirthi.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "‘Beidh feachtas dátheangach agam’ – an t-iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-07). Dáta rochtana: 2024-03-07.