Scoil an Léinn Ghaelaigh

Is éard a bhí i Scoil an Léinn Ghaelaigh (nó Sgoil Árd-Léighinn na Gaedhilge)[1] ionad léinn Éireannaigh i mBaile Átha Cliath a bhunaigh Kuno Meyer in 1903. Dúirt sé gurbh éigean dlúthcheangal a dhéanamh idir gluaiseacht na Gaeilge agus cúrsaí léinn, deis a thabhairt do gach scoláire Gaeilge dul i mbun staidéir agus taighde sna réimsí ab airde, agus barr a chur ar an obair le hathbheochan léinn dúchais.[2] Ba é R. I. Best Rúnaí Oinigh na Scoile, agus bhí Osborn Bergin agus Tomás Ó Rathaile ar na chéad mhic léinn.

Bosca Sonraí EagraíochtaScoil an Léinn Ghaelaigh
Sonraí
Cineálinstitiúid oideachais
foilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1903
Bunaitheoir(í)Kuno Meyer Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1926 Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil an Léinn Ghaelaigh in 1913

D’fhoilsigh an Scoil leabhair i dtaobh teanga agus staire a úsáideadh mar ghnáth-théacsleabhair i gcúrsaí do mhic léinn, agus in 1904 bunaíodh an iris Ériu faoina coimirce. Ba é Meyer an t-eagarthóir.

Bhí sé de phríomhchuspóir ag an Scoil buneolas maith ar theangeolaícht, ar fhocleolaíocht agus ar théacsanna a thabhairt do scoláirí a raibh Gaeilge agus teangacha Ceilteacha eile ar a dtoil acu. Rinneadh an chuid ba mhó den teagasc i scoileanna samhraidh agus é á dhéanamh ag Holger Pedersen, Henry Sweet agus Rudolf Thurneysen. Bhí an-lámh ag John Strachan i reáchtáil na Scoile, beagnach chomh mór le Meyer féin. Bhí an Scoil ina sop in áit na scuaibe ó thús i ngeall ar an saghas seo teagaisc agus ar mhaoiniú éiginnte. Ní raibh gá léi tar éis tamaill agus ollscoileanna Éireannacha ag oiliúint fochéimithe agus iarchéimithe i nGaeilge agus i dteangacha Ceilteacha eile mar ba cheart.[3]

D’iarr an Gobhanóirí agus Iontaobhaithe go ndéanfaí cuid d’Acadamh Ríoga na hÉireann den Scoil agus socraíodh na téarmaí corpraithe in 1925. Gheall an tAcadamh go gcoinneodh sé foilseacháin na scoile i gcló, agus tháinig deireadh leis an Scoil in 1926

Nótaí cuir in eagar

  1. Anseo leantar téarmaíocht an Bhunachair Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge: http://www.ainm.ie.
  2. Celtia, Bealtaine/Meitheamh 1903, lch 83)
  3. History of the School of Irish Learning