Is sraith trí leabhar é Scott Pilgrim ina mbuaileann an fhantaisíocht, an grá, an greann agus an eachtraíocht le chéile. Foilsíodh na chéad imleabhair sa tsraith in 2004 agus ba é Bryan Lee O’Malley a scríobh agus a dhear an na húrscéalta. D’éirigh leis an tsraith stádas cultais a bhaint amach idir 2004 agus 2010, agus bhí 1 milliún cóip i gcló faoin bhliain chéanna.[1]

WD Bosca Sonraí LeabharScott Pilgrim
Cineálsraith úrscéalta grafacha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBryan Lee O'Malley Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánCeanada,
2004
FoilsitheoirOni Press
Tréith
6 vols. Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaToronto Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinscottpilgrim.com →  Cuir in eagar ar Wikidata

Stiúir Edgar Wright an scannán mór le rá ‘Scott Pilgrim vs. The World’, a bunaíodh ar an tsraith úrscéalta agus a cuireadh amach in 2010.

Bryan Lee O’Malley
Logó
Ramona Flowers
Ealaíon a rinne duine den lucht leanúna

Scott Pilgrim is ainm don phríomhcharachtar, “fear óg leibideach” a bhfuil cónaí air in Toronto, Ceanada. Saol breá atá aige lena chailín, Knives Chau, go dtí go dtagann Ramona Flowers, bean nach fios cé hí, chuige ina chuid brionglóidí. Cé nach bhfuil aithne ag Scott uirthi, ach ba mhaith leis bualadh léi. Buaileann sé léi ar deireadh thiar agus bíonn sé splanctha ina diaidh.

Is éigean dó Knives a chur ar leataobh chun croí Ramona a bhuachan. Níl Ramona gan fhadhbanna ach oiread óir tá iar-leannáin dá cuid in éad le Scott agus déanann siad a ndícheall chun a gcaidreamh a chur ó mhaith. Ní mór do Scott an seachtar iar-leannán olc a throid agus a threascairt chun gur féidir leis siúl amach le Ramona..[1][2]

Bunaíodh an scannán ‘Scott Pilgrim vs. The World’ (2010) ar na leabhair. Ghlac Michael Cera (Scott), Ellen Wong (Knives) agus Mary Elizabeth Winstead (Ramona) na príomhpáirteanna sa scannán. Rinne an cóiriú scannáin ar na leabhair clú Scott Pilgrim a mhéadú ar fud an domhain agus tháinig na haisteoirí ar ais in 2023 lena nglór a thabhairt don chlár anime ‘Scott Pilgrim Takes Off’, atá bunaithe ar an scéal chéanna.[1]

Tá na leabhair ar fad aistrithe go Gaeilge. Aistríodh agus athdhearadh 600 íomhá go Gaeilge. Tá an tsraith úrscéalta grafacha Scott Pilgrim á foilsiú ag an chuideachta foilsitheoireachta, Gliadar. Cuideachta a chuireann “na leabhair is spleodraí” ar fáil í Gliadar ina bhfuil foireann ag obair chun úrscéalta comhaimseartha a fhoilsiú trí mheán na Gaeilge.[2]

Rinne Katelyn McKenna, ealaíontóir ó na Clocha Liatha i gCill Mhantáin, athdhearadh ar na focail ar fad atá le feiceáil sna grafaicí. Dá bharr, tá na leabhair ag cur thar maoil le híomhánna Gaeilge agus tumtar an léitheoir i dtimpeallacht lán-Ghaeilge.

Is féidir na leabhair ordú ag gliadar.ie agus tá fáil saor in aisce ar an chéad chaibidil freisin.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 NÓS (2024-07-23). "Tá na céadta daoine ag léamh Scott Pilgrim as Gaeilge" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-08-17.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-08-08). "Tá Gaeilge ag Scott Pilgrim - who knew?" (as ga-IE).