Seán Óg Ó hAilpín

imreoir peil Ghaelach agus iománaí

Iománaí agus peileadóir Fidsíoch-Éireannach is ea Seán Óg Ó hAilpín a rugadh ar an 22 Bealtaine 1977.

Infotaula de personaSeán Óg Ó hAilpín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Bealtaine 1977
46 bliana d'aois
Oileán Rotuma, Fidsí Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, iománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Chorcaí
- Foireann Sinsir Iomána Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

D’imir sé d’fhoireann sinsir Chorcaí sa pheil agus san iománaíocht agus dá chlub Na Piarsaigh. San iománaíocht, bhuaigh sé trí bhonn Uile-Éireann, cúig bhonn Chúige Mumhan agus Sraith Náisiúnta amháin. Leis an fhoireann peile bhain sé Craobh na Mumhan uair amháin agus an tSraith Náisiúnta uair amháin.

Bhuaigh sé dhá chraobh chontae lena chlub, Na Piarsaigh. Chomh maith leis sin, bronnadh an gradam Sárimreoir na Bliana air faoi thrí agus ainmníodh é mar Iománaí na Bliana in 2004.

Saol  cuir in eagar

Rugadh Ó hAilpín ar oileán Rotuma, 646 ciliméadar ó thuaidh ó phríomhoileáin Fhidsí. Is as Fear Manach a athair, Seán Ó hAilpín, a d’oibrigh ar rige ola, agus is é Rotuma áit dhúchais a mháthar, Emilie. Tá cúigear eile sa chlann: Teu, Sarote, Setanta, Aisake agus Etaoin.

Bhog an teaghlach go Sydney, an Astráil nuair a bhí Seán Óg trí bliana d’aois agus thosaigh sé ag imirt spóirt ansin, go háirithe rugbaí sraithe. Chuaigh siad ón Astráil go hÉirinn i 1988 agus shocraigh siad síos sa Bhlarna. Thóg sé tamall ar Sheán Óg dul i dtaithí ar an áit nua seo ach ina scoil, an Mhainistir Thuaidh i gcathair Chorcaí, thosaigh sé ag imirt peile agus iománaíochta agus d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge.

D’fhreastail sé ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus fuair sé céim in Airgeadas, Ríomhairíocht agus Fiontraíocht. Tá sé ag obair do Bhanc Uladh i gCorcaigh.

Le Foireann Chorcaí cuir in eagar

D’imir Ó hAilpín a chéad chluiche le foireann sinsir Chorcaí i 1996 agus bhain sé amach a chéad bhonn sinsir i 1998 nuair a fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Phort Láirge i gCluiche Ceannais na Sraithe.

An bhliain ina dhiaidh sin, agus an réalta Corcaíoch Jimmy Barry-Murphy ina bhainisteoir, bhuaigh foireann óg Chorcaí ar an gClár i gCluiche Ceannais na Mumhan. Ar lá báistí i bPáirc an Chrócaigh bhí an bua ag Corcaigh arís agus fuair Seán Óg a chéad bhonn Uile-Éireann. Bhí bliain mhaith ag na peileadóirí freisin ach theip orthu i gCluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh na Mí.

Chuaigh iománaithe Chorcaí ar stailc in 2002 nuair a gortaíodh imreoir go dona agus ní raibh dochtúir foirne i láthair. Bhí Seán Óg ina urlabhraí ar son a chomhghleacaithe agus i ndeireadh ghéill Bord an Chontae d’éilimh n-imreoirí.

Bhí roinnt blianta órga ag na Corcaígh tar éis na stailce. Fuair siad an ceann is fearr ar Phort Láirge i gCluiche Ceannais na Mumhan, 3-16 in aghaidh 3-12. Bhí cluiche ceannais iontach ann an bhliain sin, Corcaigh in aghaidh Chill Chainnigh, agus bhí an bua ag na Cait ag an deireadh. Cé gur theip orthu sa chluiche deireanach, bronnadh gradam Shárimreoir na Bliana ar Sheán Óg agus ar a dheartháir Setanta.

In 2004 bhí Port Láirge mar fhreasúra i gCluiche Ceannais na Mumhan arís. Bhí cluiche thar barr idir an dá chéile comhraic seo agus bhuaigh an Déise 3-16 in aghaidh 1-21. Ach chuaigh Corcaigh trí na cluichí cáilithe agus bhuaigh siad ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann.

In 2005 d’éirigh leo Craobh na Mumhan a bhuachan agus d’imir Corcaigh in aghaidh na Gaillimhe i gCluiche Ceannais na hÉireann. Cluiche taitneamhach, crua a bhí ann ach bhí an lá le Corcaigh. Ba é Seán Óg captaen na foirne an bhliain sin agus thug sé óráid i nGaeilge agus é ag fáil Chorn Liam Mhic Cárthaigh. An bhliain dár gcionn, bhí na Corcaígh ar thóir trí Chraobh as a chéile ach chaill siad an cluiche ceannais i gcoinne a sean-naimhde Cill Chainnigh.

Lean Ó hAilpín ar aghaidh ag imirt le foireann Chorcaí go 2010 nuair a dúirt an bhainisteoir, Denis Walsh, nach mbeadh sé mar chuid den painéal. Thraenáil sé leis an bhfoireann in 2012 ach d'fhógair Seán Óg ar 2 Samhain an bhliain sin go raibh sé ag éirí as an fhoireann idirchontae.

Tagairtí cuir in eagar