Seán III Sobieski

Bhí Seán III Sobieski (An Pholainnis: Jan III Sobieski; An Liotuáinis: Jonas III Sobieskis; Laidin: Ioannes III Sobiscius; 17 Lúnasa 162917 Meitheamh 1696), ina Rí ar an bPolainn agus Ard-Diúc na Liotuáine ón mbliain 1674 go dtí a bhás.

Infotaula de personaSeán III Sobieski
John III Sobieski of Poland.PNG
Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(pl) Jan III Sobieski
Beathaisnéis
Breith17 Lúnasa 1629
Olesko Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Meitheamh 1696
66 bliana d'aois
Pálás Wilanów Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaUaimh Naomh Leonard
Church of the transfiguration of Jesus Christ in Warsaw (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Staroste de Puck
1678 – 1696
Rí na Polainne
21 Bealtaine 1674 – 17 Meitheamh 1696
Staroste de Międzylesie
1673 – 1696
Staroste de Międzylesie
1669 – 1672
Hetman Mór na Corónach
1668 – 1 Feabhra 1676
← Stanisław Potocki (en) AistrighDymitr Jerzy Wiśniowiecki (en) Aistrigh →
Hetman machaire na Corónach
1666 –
Maor na Corónach
1665 – 1 Feabhra 1676
Starosta de Stryï
1660 –
Meirgire mór na Corónach
1656 – 1660
Starosta de Jaworów
1644 – 1665
Staroste de Krasnystaw
Ionadaí don Sejm den Chéad Phoblacht Pholannach

Téarma parlaiminte: Sejm extraordinaire de 1662 (fr) Aistrigh, Sejm de 1659 (fr) Aistrigh, Sejm de 1649-1650 (fr) Aistrigh, Sejm de 1664/1665 (fr) Aistrigh
Starosta de Gniew
Starosta de Kalouch
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Jagiellonian
Bartłomiej Nowodworski High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisAn Pholainnis
Gníomhaíocht
Gairmceannaire míleata, polaiteoir, monarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha a labhraíonn nó a scríobhann sé/síAn Laidin, an Fhraincis, An Ghearmáinis, An Tatairis, An Tuircis agus An tSean-Ghréigis
Gairm mhillteach
Céim mhíleatamarascal Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalArd-Diúc na Liotuáine Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Sobieski Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMarie Casimire Louise de La Grange d'Arquien (1665–1696) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJames Louis SobieskiKonstanty Władysław Filip SobieskiTeresa Teofila SobieskaAdelajda Ludwika SobieskaAleksander Benedykt SobieskiMaria Teresa SobieskaTheresa Kunegunda SobieskaJan Sobieski Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJakub Sobieski  agus Teofila Zofia Sobieska
SiblínMarek Sobieski, Katarzyna Sobieska agus Anna Sobieska
Croineolaíocht
2 Feabhra 1676corónú Cuir in eagar ar Wikidata
Dámhachtain a fuarthas
Síniú
Signature of John III of Poland.PNG

Herb Janina.jpg

Find a Grave: 20744

Rugadh Sobieski in uaisleacht na Polainne, agus fuair sé a chuid oideachais san Ollscoil Iagailleonach (Polainnis:Uniwersytet Jagielloński) agus thug sé camchuairt ar fud na hEorpa ina óige. Mar shaighdiúir agus ina cheannasaí níos déanaí, throid sé in Éirí Amach Chmielnicki, i gCogadh Rúis-Polannach agus le linn ionradh na Sualainne ar a dtugtar an Díle Shualannach (Polainnis:potop szwedzki). Léirigh Sobieski a chumas míleata le linn an chogaidh in aghaidh na hImpireachta Otamánaí agus thuill se cáil dó féin mar dhuine mór le rá sa Pholainn agus sa Liotuáin. Sa bhliain 1674, toghadh é ina mhonarc ar Chomhlathas na Polainne-na Liotuáine tar éis bás tobann gan choinne an Rí Michael I.

Ba thréimhse sheasmhach an Chomhlathais í réimeas 22 bliain Sobieski, a raibh géarghá léi tar éis suaitheadh na gcoinbhleachtaí roimhe seo. Bhí gnaoi na ndaoine air, agus bhí sé ina cheannaire cumasach míleata, ba mhó a raibh cáil air i ndiaidh a bhua in éadan na nOtamánach ag Cath Vín sa bhliain 1683. Thug na hOtamánaigh an leasainm "Leon na Lechistáine" ar Sobieski, agus mhol an Pápa é mar Shlánaitheoir na Críostaíochta Thiar. Ag fulaingt de bharr drochshláinte agus murtaill níos déanaí sa saol, fuair Sobieski bás sa bhliain 1696 agus adhlacadh é ag Ardeaglais Wawel (Polainnis: Katedra Wawelska), i Kraków. Tháinig August II Mocny i gcomharbacht air.