An Tatairis

teanga Thuircice

Tá Tatairis (ainm dúchais: татар теле; татарча) ina teanga Tuirice a labhraíonn muintir Tatar i gceantar an Tatarstáin, Baiscíria, agus Nizhny Novgorod Oblast, sa tSibéir. Tá gaol aici leis an teanga ‘Crimean Tatar’, agus tá roinnt comhinthuigeacht idir eatarthu, ach níl siad ina teanga céanna.

Infotaula de llenguaAn Tatairis
татар теле

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais5,200,000 (2015)
Á labhairtAn Tatarstáin, Baiscíria, Cúige Tyumen, Cúige Ulyanovsk, Cúige Chelyabinsk, Cúige Orenburg, Críoch Pherm, Cúige Sverdlovsk, Cúige Shamara agus An Udmairt
Dúchasach doBaiscíria, Cúige Nizhny Novgorod, An Tatarstáin, Cúige Sverdlovsk, Cúige Ulyanovsk, Cúige Chelyabinsk agus Moscó
Stáitan Rúis, an Tuirc, An tAontas Sóivéadach, an Pholainn, an Fhionlainn, an Rómáin, Daon-Phoblacht na Síne, an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
teangacha Altaecha
teangacha Tuircice
Common Turkic (en) Aistrigh
Kipchak (en) Aistrigh
Kipchak–Bulgar (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach, aibítir Laidineach, Yañalif (en) Aistrigh agus script Araibise
Institiúid caighdeánaitheRepublic of Tatarstan Academy of Sciences Galimcan İbrahimov Institute of Language, Literature, and Art (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1tt
ISO 639-2tat
ISO 639-3tat
Glottologtata1255
Ethnologuetat
ASCL4303
IETFtt

Scríobh Ramazan Baytimerov focail le haghaidh Amhráin Stáit Poblacht an Tatarstáin i 2013.

Éist le “Татарстан Республикасы Дәүләт гимны“ (nó “Tatarstan Respublikası Däwlät gimnı”, san aibítir Laidine)

Canúintí cuir in eagar

Tá trí príomhchaúintí: Mişär (san iarthar), Kazan (sa lárcheantar), agus an chanúint Sibéarach (san oirthear). D’imríonn an Rúisis tionchar mór ar graimeadach agus friotail an teanga. Úsáidtear focail agus nathanna cainte Rúiseach in abairtí atá Tatair ó thaobh gramadach ach go háirithe i gKazan. Is é Gabdulkhay Akhatov ceann de na saineolaithe is mó ar ábhair teangeolaíocht Tatair.

Stair na Teanga cuir in eagar

Is teanga Tuirice í an Tatairis. Tá na teangacha Bulgar agus Kipchak mar shinsear an Tatairis, ach tá an dá ceann dóibh imithe in éag anois. Tá mionthionchar Arabach, Peirseach, agus Rúiseach le feiscint sa teanga freisin.

Labhraítear Tatairis Chrímeach sa Chrimé, ach is mó cosúileachtaí atá aici leis an Tuircis, de bharr ollthionchar an teanga sin uirthi.

Tá an teanga litríochta Tatairis bunaithe ar an lárchanúint (.i. Kazan) agus ar an tseanteanga, İske Tatar Tele. Is teangacha Kipchak atá iontu, ach d’imir an teanga Bulgar ársa ón Volga tionchar orthu freisin.

Dáileadh Tíreolaíochta cuir in eagar

Labhraíonn timpeall 5.3 milliún daoine an teanga sa Rúis, agus tá sí le cloisteáil san an Úcráin, an tSín, an Fhionlainn, an Tuirc, agus An Úisbéiceastáin freisin, chomh maith le han-chuid tíorthaí eile. Tá níos mó ná 7 milliún daoine a labhraíonn an Tatar ar domhain.

Sa dhaonáireamh 2010, mhaíomh 69% den Tatair Rúisis go raibh an teanga ar eolas acu. Sa Tatarstáin í féin, d’ardaigh an ceatadán go dtí 93%. San oblast comharsan, Baiscíria, mhaíomh 67% na Tatair, 27% na Bhaisceartí, is 1.3% na Rúisigh go raibh cumas acu inti.