Seán Mac Fhionnghaile

aisteoir Éireannach

Bá aisteoir Éireannach ó Chontae Dhún na nGall é Seán Mac Fhionnghaile (c. 1952 - 1 Samhain 2009). Tá clú ar as a rólanna grinn, a phríomh-rólanna i ndramaí grinn suímh TG4 C.U. Burn agus Gleann Ceo, chomh maith le sraith grinn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cois Cuan. Léiritheoir feidhmiúcháin don tsraith FFC a bhí ann agus ba bhall d'Aisteoiri Ghaoth Dobhair a bhí ann.

Saol PearsantaCuir in Eagar

Rugadh Seán Mac Fhionnghaile i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Bhí dhá iníon agus dhá mhac aige lena bhean chéile Treasa.[1] Fuair sé bás ó ailse ag aois 57 ar an 1 Samhain 2009. [2] Bhí an galar air ar feadh dhá bhliain. Bhí a shochraid in Eaglais Naomh Colmcille i mBrioglaic, Gaoth Dobhair dhá lá ina dhiaidh a bháis. [2]Mhair a mháthair, Gráinne, i ndiaidh a bháis. [2]

Gairm BeathaCuir in Eagar

B'fhearr aithne ar óna phríomh-rólanna i gcláracha teilifíse ar nós CU Burn agus Gleann Ceo a craoladh ar TG4.Bhí sé ina léiritheoir feidhmiúcháin ar an sraith FFC ar TG4 fosta . [2][3] Bhí sé páirteach i gclár grinn RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cois Cuan . [1] Chomh maith leis sin, bhunaigh sé Cúl a'Tigh, comhlacht léiriúcháin teilifíse. [2] Trasfhoirmigh sé monarcha a bhí ag titim as a chéile in aice lena bhaile go scoil traenála agus lárionad léiriúcháin. [1]

  1. 1.0 1.1 1.2 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".