Seasaidh NicLachlainn
Soprán Albanach ab ea Seasaidh NicLachlainn nó Seònaid NicLachlainn (Béarla: Jessie Niven MacLachlan).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meitheamh 1866 An t-Òban, Scotland |
Bás | 13 Bealtaine 1916 49 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Choille Chart |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Cineál gutha | Soprán |
Uirlis | Ceol gutha |
Luathshaol
cuir in eagarRugadh í sa bhliain 1866 agus tógadh í san Òban, an duine ba shine d’ochtar clainne a rugadh do Alexander Mac Lachlainn agus Margaret Campbell Niven. Ceantálaí ba ea a hathair.
Gairmréim
cuir in eagarNuair a bhí sí ina déagóir, bhog sí go Glaschú agus ba ann a chuaigh sí ar stáitse den chéad uair. Bhain sí clú agus cáil amach agus í ag canadh amhrán ceoldrámaíochta — mar shampla chan sí don Bhanríon Victoria, i gCaisleán Bhaile Mhorail sna 1890idí.[1] Chuaigh sí ar chamchuairt fhairsing. Bhí sí ar an gclár céanna leis an amhránaí Harry Lauder agus leis an veidhleadóir Mackenzie Murdoch ar chamchuairt Albanach.[2] Chuaigh sí ar camchuairt i Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1901;[3] agus í i gCeanada, chan sí leis an déagóir Henry Burr san Áras Ceoldrámaíochta in Saint John, Brunswick Nua.[4]
Saol pearsanta
cuir in eagarPhós Seasaidh a tionlacaí Robert Buchanan sa bhliain 1887. Bhí mac acu. Fuair sí bás i nGlaschú sa bhliain 1916, agus í 49 bliain d'aois, go gairid tar éis di "aistear guaiseach" a dhéanamh ón bhFrainc i rith an Chogaidh Mhóir. I Reilig Choille Chart atá sí curtha.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "British" (June 1919). The Caledonian 19: 104.
- ↑ Lauder, Harry (19 December 2019). "Between You and Me". Good Press.
- ↑ "Plays and Players" Navy & Army Illustrated (21 November 1903): iii.
- ↑ "Henry Burr – Canadian Songwriters Hall of Fame Inductee".
- ↑ Tait, Derek (30 August 2016). "Glasgow in the Great War". Pen and Sword.