Seosamh Laoide
Scoláire agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Seosamh Laoide (Béarla: Joseph H. Lloyd, 1865–1939), ar a dtugtaí freisin “Mac Tíre na Páirce”.[1] Sa lá atá inniu ann, is fearr aithne air as a chuid oibre ar logainmneacha Gaeilge, go háirithe logainmneacha i mBaile Átha Cliath. Glacadh le go leor dá chuid moltaí do shráidainmneacha Gaeilge Bhaile Átha Cliath nuair a bunaíodh an stát Éireannach i mí na Nollag 1922.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Bealtaine 1865 Raghnallach, Éire |
Bás | 21 Meán Fómhair 1939 74 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin |
Saol
cuir in eagarRugadh Laoide ag 7 Annaville Lower i Raghnallach, Baile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine 1865.[2] Ba é an mac ba shine le lánúin Phrotastúnach Éireannach, Joseph Henry Lloyd (PhD) agus Anne Phair.[2][1] Teangeolaí ab ea a athair, ball de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, agus cara de chuid an scoláire Gaeilge P. W. Joyce.[1]
Bronnadh sadhsóireacht ar Laoide chun freastal ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 1890, áit a ndearna sé staidéar faoin Ollamh James Goodman (1828–1896) a bhronn duais air gach bliain go dtí 1894 nuair a d’fhág sé gan a chéim a bhaint amach.
I bhfómhar na bliana 1893, tá Laoide luaite mar chomhchisteoir ar Chonradh na Gaeilge, a bunaíodh ar an 31 Iúil sa bhliain sin. Timpeall an ama chéanna, thug sé cuairt ar Pheadar Ó Laoghaire chun é a spreagadh chun dul i mbun pinn. Sna blianta sin, d’fhoghlaim Laoide mórán faoi chanúintí na Gaeilge agus bhí sé gníomhach san ollghluaiseacht a bhí i gConradh na Gaeilge ag an am, go háirithe ag foilsiú leabhar agus altanna i nGaeilge. Nuair a bhunaigh Kuno Meyer Scoil Ard-Léinn na hÉireann sa bhliain 1903, bhí Laoide ar dhuine de na chéad scoláirí agus d'fhoilsigh sé go leor leabhar Gaeilge ar bhéaloideas, canúintí, logainmneacha agus mar sin de.[1]
Tamall i ndiaidh 1915 d’fhág Laoide Éire agus ghlac sé post mar státseirbhíseach i Londain. Le linn dó a bheith thall, bhí sé buailte le fadhbanna meabhairshláinte agus cuireadh san ospidéal é ar feadh tamaill. Phós sé bean shaibhir Éireannach darbh ainm Elizabeth Sharp;[1] d’fhill siad ar Éirinn in 1920, áit ar chuir siad fúthu i Stigh Lorgan, Contae Bhaile Átha Cliath. In 1933, bhog siad go Dún Laoghaire. Fuair Laoide bás ar an 21 Meán Fómhair 1939 agus, tar éis searmanas beag príobháideach, cuireadh i nGráinseach an Déin, Contae Bhaile Átha Cliath é.[1]
Rogha Foilseachán
cuir in eagarMar údar:
- Sgéalaidhe Fearnmhuighe (1901), Leabhar geograiphe, [gd],
- Seachrán Chairn tSiadhail, 1904,
- Sgéalaidhe Óirghiall .i. Sgéalaidhe Fearnmhuighe agus tuilleadh leis, 1905
- Sgéal Chúchulainn ag Cuan Carm (1906)
- Measgán Musgraighe (1907)
- Cruach Chonaill (1909)
- Trí Torpáin (1911)
- Duanaire na Midhe (1914)
- Fian-Laoithe (1916)
- Tonn Tóime (1915)
- Réalta de spéir (1915)
- Alasdair Mac Colla (1914)
- Brisleach mhór Mhaighe Muirtheimhne (1915)
Mar eagarthóir:
- Post-seanchas, 1905 agus 1911
- Dearg-ruathar Chonaill Chearnaigh, 1907
- Teacht agus imtheacht an ghiolla dheacair agus toruigheacht Chonáin agus a chuideachtan (i gcomhar le Seán Ó hÓgáin), 1905
- Eachtra mhacaoimh an Iolair Mhic Ríogh na Sorcha le Brian Ó Corcráin (i gcomhar le Iorard de Teiltiún), 1912.