Sima Qian
Staraí sa tseanSín ab ea Sima Qian (Sínis thraidisiúnta: 司馬遷; Sínis shimplithe: 司马迁; pinyin: Sīmǎ Qiāna; 145 nó 135 RC – 86 RC). Scríobhtaí a ainm mar Ssu-ma Chien i dteangacha an iarthair agus sin a fheictear in go leor seanleabhar faoi stair na Síne. In Xiayang, Cúige Shaanxi, in iarthuaisceart bunlimistéir na Síne, a rugadh é. Scríobh sé le linn an rítheaghlach Han. Athair Staireolaíocht na Síne a thugtar air go minic as a mhórshaother, Shĭjì. "Oiris an staraí" an chiall leis sin, gí go mbíonn sé mar nós é a aistriú go teangacha eile mar "Oiris an staraí mhóir". Is é a bhí sa Shĭjì ná stair na Síne á léiriú trí mheán sraith bheathaisnéisí.
Sima Qian | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Hejin (en) ![]() |
Náisiúntacht | Western Han (en) ![]() |
Teanga dhúchais | An tSínis |
Bás | 86 BC |
Muintir | |
Athair | Sima Tan |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Teangacha | An tSínis |
Gairm | |
Gairm | staraí, file, scríbhneoir, astralaí, fealsamh, matamaiticeoir agus réalteolaí |
Saothar iomráiteach | Records of the Grand Historian (en) ![]() |
Cineál gutha | castrato (en) ![]() |
Tharla athair Sima Qian, Sima Tan, ag obair i gcúirt an impire. (Tá Sima ar an dornán sloinnte déshiollacha sa tSínis). I ndiaidh turas na Síne a thabhairt, chuaigh an mac ann freisin mar a ndeachaigh sé ag obair faoina athair. An tAstralaí Mór (太史令; Tàishǐ Lìng)an teideal a bhí air, agus ríomh an fhéilire don bhliain le teacht an dualgas a bhí aige.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |