Simléar
Is éard is simléar[1] ann ná struchtúr ailtireachta a ligeann do ghás sceite te nó deatach a tháirgtear i gcoire, sorn, foirnéis, loisceoir, nó teallach éalú ó áit chónaithe. Déantar simléir as brící, cré, nó miotal. Bíonn siad ingearach de ghnáth, le cinntiú go sreabhann an gás agus an deatach go réidh, ag tarraingt aeir isteach sa tine — feiniméan ar a dtugtar éifeacht an tsimléir. Tugtar an múchán (Béarla: flue) ar an spás taobh istigh de shimléar. Faightear simléir in aice le scaglanna móra tionsclaíochta, áiseanna ina ndóitear breosla iontaise, nó mar chuid de thithe agus foirgnimh a bhfuil coire, foirnéis, nó tinteán iontu.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: simléar” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2024-01-21.