Is grúpa eitneach Áiseach iad na Siolónaigh. Is í an tSiolóinis a bpríomhtheanga. Tá siad dúchasach do Shrí Lanca i ndeisceart na hÁise. Is iad 75% de dhaonra Shrí Lanca, 15 milliún san iomlán. Tá féiniúlacht na Siolónach bunaithe ar a dteanga, oidhreacht staire agus creideamh. Leanann an chuid is mó díobh Búdachas den chineál Theraveda, gí go bhfuil cuid díobh ina gCríostaithe inniu. Cónaíonn na Siolónaigh i dtuaisceart láir, lár, deisceart agus iarthar Shrí Lanca.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaSiolónaigh
Cineálgrúpa eitneach
Tíreolaíocht
Ó dhúchasSrí Lanca
Siolónaigh