Sir Daniel Dixon, 1ú Bhairnéad

polaiteoir Briotanach (1844–1907)

Fear gnó agus polaiteoir Éireannach ab ea Sir Daniel Dixon, 1ú Bhairnéad (28 Márta 1844 – 10 Márta 1907).

Infotaula de personaSir Cuir in eagar ar Wikidata
Sir Daniel Dixon, 1ú Bhairnéad

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Sir Daniel Dixon, 1st Baronet Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Márta 1844
Bás10 Márta 1907
62 bliana d'aois
Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Márta 1907 (bás in oifig)

Toghcheantar: Béal Feirste Thuaidh

Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Meán Fómhair 1905 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Béal Feirste Thuaidh

Ball de Ríchomhairle na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalBairnéad Cuir in eagar ar Wikidata
CéileEliza Agnew (1867–luach anaithnid)
Annie Shaw (1870–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSir Thomas Dixon, an dara Bairnéad
 ( Eliza Agnew)
Beatrice Dixon
 ( Annie Shaw)
Daniel Dixon
 ( Annie Shaw)
Frank Dixon
 ( Annie Shaw)
Herbert Dixon
 ( Annie Shaw)
Louise Dixon
 ( Annie Shaw)
Kate Dixon
 ( Annie Shaw)
Edith Sarah Dixon
 ( Annie Shaw)
Evelyn Annie Dixon
 ( Annie Shaw)
Percy Dixon
 ( Annie Shaw) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairThomas Dixon  agus Sarah McCambridge

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh Dixon ar 28 Márta 1844, mac do Thomás agus Sarah Dixon ó Latharna, Contae Aontroma. Ceannaí agus úinéir loinge ab ea a athair.[1] Fuair sé a chuid oideachais ag an Royal Belfast Academical Institution.[1] Chuaigh sé isteach i ngnó adhmaid a athar, Thomas Dixon and Sons, agus é ina chomhpháirtí in 1864.

Gairm pholaitiúil

cuir in eagar

Sa bhliain 1892 ceapadh Dixon ina chéad Árd-Mhéara ar Bhéal Feirste, agus bhí an post sin aige ar feadh trí théarma; 1892 go 1893, 1901 go 1903, agus 1905 go 1906. Bhí sé ina fheisire parlaiminte freisin do Bhéal Feirste Thuaidh mar Aontachtóir Éireannach ó 1905 go 1907.

Ceapadh Dixon ar Ríchomhairle na hÉireann ar Liosta Gradam an Chorónaithe 1902 a foilsíodh ar 26 Meitheamh 1902, agus chuir Ard-Leifteanant na hÉireann, Iarla Cadogan é faoi mhionn, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 11 Lúnasa 1902. I nDeireadh Fómhair 1903 rinneadh bairnéad de, de chuid Bhaile Meadhonach i gContae Aontroma.

 
Séadchomhartha do Sir Daniel Dixon, ar thailte Halla na Cathrach i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann

Bhí Dixon i gceannas ar cheann de na comhlachtaí loingis is mó in Éirinn.[1]

Saol an teaghlaigh

cuir in eagar

Phós Dixon, ar an gcéad dul síos, Lizzie, iníon le James Agnew, sa bhliain 1867. Tar éis bás a chéad bhanchéile sa bhliain 1868 phós sé, ar an dara dul síos, Annie, iníon le James Shaw, in 1870. D’éag sé an 10ú Márta 1907 i mBéal Feirste, é 62 bliain d’aois, agus tháinig a mhac ba shine Thomas i gcomharbacht air sa bhairnéadacht. Fuair an Bhantiarna Dixon bás sa bhliain 1918.

  1. 1.0 1.1 1.2 "Sir. Daniel Dixon." Times [London, England] 11 March 1907: 6. The Times Digital Archive. Web. 10 April 2014.
  • Kidd, Charles, Williamson, David (eagarthóirí). Peerage and Baronetage Debrett (eagrán 1990). Nua Eabhrac: St Martin's Press, 1990.
  • Leigh Rayment's list of baronets
  • Leigh Rayment's Historical List of MPs

Naisc sheachtracha

cuir in eagar