Sa bhliain 1961 tharla sléacht i bPáras na Fraince. Bhí Cogadh Saoirse na hAilgéire faoi lánseol ag an am agus bhí na húdaráis sa Fhrainc an-tógtha leis an mbaol sceimhlitheoireachta. Eisíodh forógra ag cosc cruinnithe agus tugadh ordú cuirfiú do na hAilgéaraigh, nach raibh in ann dul amach ó dhubh go dubh.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataSléacht Pháras 1961
police brutality in France (en) Aistrigh
Cineálagóid agus eirleach
Dáta17 Deireadh Fómhair 1961
ÁitPáras
Líon marbh200 Cuir in eagar ar Wikidata

D'eagraigh an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte) léirsithe sráide ar an 17 Deireadh Fómhair 1961. Ach thit na hagóidí chun foréigin. Mhair na trioblóidí ar feadh míosa ach tharla an foréigean is measa ar an oíche úd agus maraíodh b'fhéidir 100 duine, Ailgéaraigh go léir.

Bhí an iar-Naitsí Maurice Papon agus coirpeach cogaidh i mbun na póilíní ag an am

Caitheadh iad sa Seine go minic. Níos déanaí, bhí fógra le léamh ar Dhroichead Saint-Michel i lár Pháras: "Ici on noie les Algériers" nó báitear Ailgéaraigh anseo. Fuair b'fhéidir cúpla céad Ailgéarach bás le linn na hagóidí ar siúl i bPáras sa bhliain sin.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Micheál Ó hAodha (25 Eanáir 2015). "Páras – sléacht 2015 agus sléacht 1961" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-18.