Ar 9 Iúil 1972, i Springhill, Béal Feirste, maraíodh Margaret Gargan (13 bliain d'aois), an tAthair Noel Fitzpatrick, sagart paróise, Patrick Butler (39 bliain d'aois agus seisear clainne air), John Dougal (16 bliain d'aois), agus David McCafferty (15 bliain d'aois). Lámhacadh agus gortaíodh daoine eile.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Springhill
Íomhá
Map
 54°35′51″N 5°58′47″W / 54.5975°N 5.9796°W / 54.5975; -5.9796
Cineáloll-lámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana9 Iúil 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2 Cuir in eagar ar Wikidata
Armas, Reisimint 1st King’s

Bhí an Reisimint Pharaisiúit agus / nó Reisimint 1st King’s ann ag an am, b'fhéidir. Fiú inniu (sa bhliain 2021), níl a fhios againn cé a bhí ann, cén t-am a bhí siad ann, agus cá raibh na saighdiúirí suite.

Is cosúil go raibh Dougal agus a chairde ag spraoithiomáint.[1] Stop an carr agus rith na gasúir leo ach scaoileadh orthu agus iad ag éalú. Bhí ciarsúr bán ina lámh ag an tAthair Noel Fitzpatrick nuair a scaoileadh é. Bhí Patrick Butler agus David McCafferty ag iarraidh cóireála gharchabhrach a chur orthu, is cosúil. Is soiléir nach raibh airm ar bith ag na híospartaigh ag an am.[2]

Mhair na heachtraí lámhaigh b'fhéidir 90 nóiméad in iomlán.

Dúirt Arm na Breataine ag an am go raibh na híospartaigh gafa i lár an achrainn leis an IRA.[3]

Ionchoisne ach fiosrúchán ar bith cuir in eagar

Bhí coiste cróinéara ann i 1972 ach bhí sé easnamhach; rinneadh 'fíorasc oscailte’ ar na maruithe uilig. Ní raibh scrúdú balaistíochta ann fiú. "“There are no records that there was any significant inquiry into the circumstances [of Margaret Gargan's death]" agus "no ballistics or forensic evidence was recovered".[4]

Tá daoine ann ag iarraidh ceart agus cóir dá ngaolta ó shin.[5][6][7] Ach níor tharla faic. Níor reáchtáladh fiosrúchán ó shin.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Springhill: The Forgotten Massacre" (en-GB). tribunemag.co.uk. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  2. "Looking Back on the Unsolved Case of Northern Ireland's Springhill Massacre" (en). www.vice.com. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  3. Marie Louise McConville (2021-05-15). "New evidence proves British army 'were active in area' where girl (13) was shot and killed in 1972" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  4. Freya McClements (2020). "New evidence emerges in shooting dead of teenager in Belfast in 1972" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  5. Robert McMillen (2018). "Seo bróga a bhí á gcaitheamh ag daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  6. "New inquests to be held into the Springhill deaths" (as en) (2014-12-24). 
  7. Extramural Activity (2020-06-30). "Keep On Praying" (en-GB). Extramural Activity. Dáta rochtana: 2021-07-09.

Naisc sheachtracha cuir in eagar