Sléibhte na hÉireann
Is ar chósta na tíre atá an chuid is mó de na sléibhte suite in Éirinn. Ísealchríoch is mó atá i lár na tíre. D’fhéadfaí a rá, mar sin, go bhfuil oileán na hÉireann mar a bheadh fochupán ann[1].
Is é Corrán Tuathail an sliabh is airde in Éirinn. Is sna Cruacha Dubha i gCo. Chiarraí atá sé. Tá Corrán Tuathail 1,040 méadar ar airde. Níl ansin ach cnocán an-íseal, áfach, i gcomparáid le mórán de shléibhte eile an domhain. Tá na céadta sliabh ar domhan atá breis agus 3,000 méadar ar airde.
Tugtar sliabhraon ar ghrúpa sléibhte agus tá go leor in Éirinn. Mar shampla, sliabhraon is ea na Cruacha Dubha.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |