Is cluiche cártaí do bheirt imreoirí nó níos mó é Snap. Is ceann de na cluichí cártaí is éasca atá ann é. Déantar na cártaí agus roinntear iad ar gach imreoir. Cuireann gach imreoir a gcártaí féin, iompaithe síos, i gcarn os a gcomhair. Iompaíonn gach aon imreoir an cárta ar bharr an chairn ina gceann agus ina gceann le go mbeidh siad iompaithe aníos i lár an bhoird, áit a mbeidh carn nua. Má bhíonn cárta mar a chéile leis an gcárta díreach faoi, gnóthóidh an chéad duine a déarfaidh "snap" an carn iomlán i lár an bhoird. Cuireann siad iad seo, iompaithe síos, ag bun a gcarn féin. Is é an duine a ghnóthaíonn an carn a thosaíonn arís. Leantar ar aghaidh mar seo go dtí go ritheann imreoir éigin amach as cártaí agus tá an duine sin amuigh as an gcluiche. Is é an duine deiridh sa chluiche an buaiteoir.[1]

Bosca Sonraí CluicheSnap
Sampla decluiche cártaí
  1. "Rules of Card Games: Snap". www.pagat.com. Dáta rochtana: 2023-04-15.