Sochraid Bhanríon Eilís II

Reáchtáladh Sochraid Bhanríon Eilís II ar 19 Meán Fómhair 2022. Cailleadh Eilís II ar 8 Meán Fómhair 2022, in aois 96 bliain di. Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSochraid Bhanríon Eilís II
Íomhá
Cineálbás Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Meán Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCaisleán Bhaile Mhorail, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Eilís II Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisstate funeral of Elizabeth II (en) Aistrigh
Operation London Bridge (en) Aistrigh
accession of Charles III (en) Aistrigh (8 Meán Fómhair 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#GodSaveTheQueen Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í Banríon Eilís II an monarc is faide i réim riamh i Sasana.

Sochraid cuir in eagar

 
 

Bhailigh na céadta míle i lár Londan ar 19 Meán Fómhair 2022 do shochraid Bhanríon Eilís II.   I ráiteas roimh an tsochraid, dúirt Séarlas III go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus ar a bhean chéile”.[2]

 

Carráiste gunna, á tharraingt ag 142 mairnéalach ón gCabhlach Ríoga, a thug cónra na Banríona ó Halla Westminster go dtí Mainistir Westminster ar maidin.[3] Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc.[2]

 

Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí an searmanas bunaithe ar Leabhar na hUrnaí Coitinne 1662, leabhar urnaí oifigiúil Eaglais Shasana. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. Bhí an tArdeaspag Mark O'Toole, ar de bhunú Chonamara é, freisin i láthair.[4]

Ag deireadh an tsearmanais, seinneadh an Last Post ar an mbuabhall agus tugadh dhá nóiméad ciúnais don bhanríon sular seinneadh an Reveille. Ansin canadh Amhrán Náisiúnta Shasana ‘God Save the King’. Píobaire na Banríona, Paul Burns, a chuir críoch leis an gcuid sin den searmanas nuair a sheinn sé ‘Sleep, Dearie, Sleep’. Ina dhiaidh sin cluineadh clingireacht phlúchta chloig Mhainistir Westminster de réir traidisiún sochraide rí nó banríona.

Bhí 3,000 lucht Airm páirteach san mórshúil a chuaigh thar chuid de na láithreacha is mó cáil i Londain. An 20 míle bóthair ó Áirse Wellington go Caisleán Windsor facthas na mílte ag léiriú a meas ar Eilís an uair dheireanach.[4]

Ansin reáchtáladh seirbhís adhlactha i Séipéal Naomh Seoirse i gCaisleán Windsor agus cuireadh tugtha ansin do 800 duine. Canadh an cór Kontakion Rúiseach na Marbh. Léigh Déan Windsor, an Dr David Conner, as Apacailipsis [Taispeáint] Eoin 12, véarsaí 1-7, an ceann céanna a léadh ag sochraidí an Rí Seoirse V agus an Bhanríon Máire, seantuismitheoirí na Banríona Eilís agus ag sochraid a hathar Seoirse VI i 1952.

Adhlacadh an bhanríon le taobh a fir chéile i Séipéal Cuimhneacháin an Rí Seoirse VI.[3]

Oráidí cuir in eagar

Dúirt Ard-Easpag Canterbury Justin Welby ina sheanmóir go raibh an Bhanríon “lán de cheol” agus go raibh a muintir agus daoine ar fud na tíre, an Chomhlathais agus an domhain go léir faoi scamall bróin ó bhásaigh sí. Thagair sé don mhóid a thug an Bhanríon i bpíosa cainte a craoladh nuair a bhí sí bliain is fiche. Mhóidigh sí an uair sin go dtabharfadh sí a saol go léir i mbun seirbhíse don náisiún agus don Chomhlathas. “Is annamh a choimeád aon duine riamh chomh maith sin aon ghealltanas,” arsa an tArd-Easpag.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht TG4 (8 MF 2022). "Banríon Shasana tar éis bháis" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (24 Meán Fómhair 2022). "Nuacht Mhall, (Ciarraí) - (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  3. 3.0 3.1 3.2 tuairisc.ie (19 MF 2022). "‘Rinne sí beart de réir a briathair agus thug seirbhís dá náisiún’ –Banríon Shasana á cur i gcré na cille" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-26.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2022-09-19). "An turas deireanach ag an mBanríon Eilís a Dó" (as ga-IE).