Sa scannánaíocht, is éard is soilsiú déghnéasach ann (Béarla: bisexual lighting) ná soilsiú bándearg, corcra, agus gorm a úsáidtear le chéile chun carachtair dhéghnéasacha a léiriú. Baineadh úsáid as an stíl soilsithe seo i mórán scannán agus cláracha teilifíse. Níltear ar aon fhocal an ann don teicníc mar fheiniméan ginearálta sa scannánaíocht.[1]

gorm agus bándearg
Bratach bhróid dhéghnéasaigh, a úsáideann bándearg, corcra, agus gorm

Creideann tráchtairí áirithe nach bhfuil i gceist leis an scéim dathanna ach tagairt d’aeistéitic na 1980í.[1][2] Chuirfeadh sé soilse neoin i gcuimhne, agus baineann sé le stíl “tonn reitreo” freisin.[3][2]

Siombalachas cuir in eagar

De réir George Pierpoint ó Nuacht BBC, deir daoine áirithe sna meáin shóisialta go n-úsáidtear soilsiú déghnéasach mar “sheift radharcach chumhachtaithe” a chuireann in aghaidh gannionadaíocht na déghnéasachta sna meáin amhairc a shíltear a bheith ann. D'fhéadfadh sé go ndéanann na dathanna tagairt dhíreach don bhratach bhróid dhéghnéasaigh.[1][4] Tháinig an treocht chun cinn i measc an phobail LADT in 2017, go háirithe ar shuíomhanna meán sóisialta Twitter, Reddit, agus Pinterest. Scríobh Sasha Geffen ar Vulture.com go raibh sé “daingean ina bhrí”, agus scríobh Nicky Idika ó PopBuzz go bhfuil sé anois “ina chuid shocraithe de scéalaíocht na déghnéasachta sna meáin”. Agus cé gur fhiafraigh The Daily Dot “ar tháinig an aeistéitic nó an tábhacht chultúrtha ar dtús”, tháinig sé ar an tuairim freisin go raibh an smaoineamh “i bhfostú”.[5] Roghnaigh an comhlacht Pantone “ultraivialait” mar dhath na bliana 2018, rud a léirigh úsáid níos leithne na scéime, de réir an BBC.[1]

Cháin Amelia Perrin úsáid na ndathanna seo nuair a bhíonn carachtair dhéghnéasacha le feiceáil i bhfíseáin teilifíse agus ceoil, ag scríobh san iris Cosmopolitan go gcuireann an íomhá seo le “steiréitíopaí déghnéasacha”. Áitíonn Perrin gur gnách gur soilse neoin a tháirgeann soilsiú den chineál seo, rud a chuireann “clubanna agus urláir damhsa” i gcuimhne don bhreathnóir, agus tugann sé seo le tuiscint nach bhfuil i gceist le “caidrimh agus gaolta déghnéasacha ach ‘turgnaimh’ — rud nach dtarlaíonn ach nuair a bhíonn tú ar meisce ar oíche scléipe.”

Úsáid i gcultúr na ndaoine cuir in eagar

 
Soilsiú déghnéasach ag cóisir dhamhsa

Dar le Pierpoint, d'fhéadfadh sé go raibh an aeistéitic amhairc in úsáid chomh luath le 2014 sa tsraith theilifíse Sherlock, ag tagairt do ghnéaschlaonadh an Dr. Watson a bhí i bhfolach.[1] Baineadh úsáid as an soilsiú i go leor scannán agus cláracha teilifíse, go hiondúil i radhairc a bhfuil carachtair dhéghnéasacha iontu. Bhain na scannáin The Neon Demon, Atomic Blonde, agus Black Panther úsáid as soilsiú gorm, bándearg, agus corcra. Bhain an eipeasóid “San Junipero” sa tsraith Black Mirror úsáid as an aeistéitic freisin, chomh maith le heipeasóidí sa díolaim uafáis Into the Dark, ina measc, “I'm Just F*cking with You”, “Midnight Kiss”, agus “My Valentine”.[6][2] Dúradh freisin go raibh na sraitheanna teilifíse Riverdale, Moonbeam City, Voltron: Legendary Defender, Close Enough agus The Owl House, chomh maith leis an scannán Birds of Prey ag baint úsáide as.[7][8][9] Sa tríú heipeasóid de Loki, dar teideal “Lamentis”, úsáideadh an soilsiú seo i radharc ina nochtann an carachtar teidil go bhfuil sé déghnéasach.[10][2]

Tá Lara Thompson, léachtóir le scannánaíocht in Ollscoil Middlesex, idir dhá chomhairle maidir leis an gcoincheap, ag rá: “Chaithfinn níos mó samplaí a fheiceáil sula mbreathnóinn ar shoilsiú déghnéasach mar fheiniméan go hiomlán inchreidte”.[11] Dar le Lillian Hochwender, ag scríobh in Polygon, “Is minic go mbraitheann sé go bhfuil an dé-shoilsiú ar fáil chuile áit, fiú nuair nach mbíonn lorg ar bith den déghnéasacht le feiceáil... Is iad seo dathanna na draíochta san fhantaisíocht, dathanna tírdhreach eachtardhomhanda san fhicsean eolaíochta, agus soilsiú neoin i suíomhanna cibirphunc agus i gclubanna oíche. Mar sin, cé gur thug úsáideoirí Twitter agus criticeoirí meán dé-shoilsiú faoi deara in John Wick 3, Blade Runner 2049, Color Out of Space, Orphan: First Kill, Bingo Hell, Men in Black: International, agus Spider-Man: Into the Spider-Verse, is minic go mbíonn loighic nach bhfuil chomh haerach sin a mhíníonn sé.”[12]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Pierpoint, George (2018-04-22). "Is 'bisexual lighting' a new cinematic phenomenon?" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2021-03-04.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Hochwender, Lillian (2022-02-01). “The bisexual movie canon reaches beyond the obvious”. Polygon. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  3. Kircher, Madison Malone. “Fine, I Will Show You How to Generate Those '80s Text Memes That Are Everywhere” (en-us). Intelligencer. Dáta rochtana: 2021-12-13.
  4. Bruton, Louise (27 Aibreán 2018). "JANELLE MONÁE Dirty Computer Wondaland/Bad Boy/Atlantic". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Bealtaine 2018. Dáta rochtana: 2 Bealtaine 2018.
  5. 'Bisexual lighting' is a having a big moment right now”. The Daily Dot (2018-02-28). Dáta rochtana: 2019-09-20.
  6. Editorial Team (2019-09-22). “One from the vaults: Bisexual lighting and why it's definitely a thing”. Diva. Dáta rochtana: 2021-03-04.
  7. "How The Bisexual Lighting Meme Made Me Feel Seen". MTV UK. Dáta rochtana: 2018-11-26.
  8. Fleenor, S. E. (2020-06-18). “Birds of Prey is pure bisexual disaster energy”. Syfy Wire. Dáta rochtana: 2021-03-04.
  9. Taylor (22 Meán Fómhair 2020). “The Owl House Highlights its Magic with Bisexual Pride - The Fandomentals”. Dáta rochtana: 2021-03-04.
  10. Herron, Kate. “From the moment I joined @LokiOfficial it was very important to me, and my goal, to acknowledge Loki was bisexual.”. Dáta rochtana: 2021-06-23.
  11. Pierpoint, George (2018-04-22). "Is 'bisexual lighting' a new cinematic phenomenon?" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2021-03-04. “I would have to see more examples before I see bisexual lighting as a wholly convincing phenomenon”
  12. Hochwender, Lillian (2022-02-01). “The bisexual movie canon reaches beyond the obvious”. Polygon. Dáta rochtana: 2022-04-26. “Bi lighting often feels ubiquitous, even when there isn't a hint of bisexuality in sight ... These are the colors of magic in fantasy, alien landscapes in sci-fi, and the neon lighting of cyberpunk settings and nightclubs. Thus, while Twitter users and media critics have noted bi lighting in John Wick 3, Blade Runner 2049, Color Out of Space, Orphan: First Kill, Bingo Hell, Men in Black: International and Spider-Man: Into the Spider-Verse, there's often a less gay logic for doing so.”