Is éard is spórt Oilimpeach ann ná spórt a imrítear, nó a imríodh san am atá thart, ag na Cluichí Oilimpeacha. Roinntear iad ina dhá chatagóir: spóirt samhraidh, a imrítear ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh, agus spóirt gheimhridh, a imrítear ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh.

Rangú na spórt de réir an IOC cuir in eagar

Tá sainmhíniú dá chuid féin ag Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) ar "spórt". Tugann an IOC spórt ar bhailiúchán disciplíní a thagann faoi aon chónaidhm idirnáisiúnta amháin, fiú nuair a thabharfaí spórt ar na disciplíní sin sa ghnáthchaint. Mar shampla, is spórt amháin é spórt na gcarr sleamhnán, a thagann faoin IBSF (International Bobsleigh and Skeleton Federation), ina bhfuil dhá dhisciplín, an bobsleamhnánú agus an bolgsleamhnánú. Is spórt ann féin an lúis a bhfuil a chónaidhm féin aige, an FIL (Fédération Internationale de Luge de course). Is é an lúis an t-aon disciplín amháin sa spórt sin.

Sna táblaí thíos taispeántar na spóirt reatha reatha de réir an IOC, agus idir lúibíní tugtar an bhliain ar imríodh an spórt den chéad uair ag na Cluichi Oilimpeacha.

Spóirt samhraidh cuir in eagar

Spórt Cónaidhm Disciplíní
Badmantan BF Badmantan (1992)
Boghdóireacht WA Boghdóireacht (1900)
Canúáil/Cadhcáil ICF Uisce gan chorraí (1936) agus slalóm (1972)
Clárscátáil FIRS Clárscátáil (2020)
Cispheil FIBA Cispheil (1936)
Coraíocht UWW Gréagach-Rómhánach (1896) agus saorstíl (1904)
Dornálaíocht AIBA Dornálaíocht (1904)
Dreapadóireacht IFSC Dreapadóireacht (2020)
Eachaíocht FEI Dressage (1912), eachléim (1900), seómharcaíocht (1912)
Eitpheil FIVB Eitpheil (1964) agus eitpheil trá (1996)
Galf IGF Galf (1900)
Gleacaíocht FIG Ealaíonta (1896), rithimeach (1984) agus trampailíneacht (2000)
Haca FIH Haca (1908)
Júdo IJF Júdo (1964)
Karate WKF Karate (2020)
Lámhach ISSF Lámhach (1896)
Leadóg ITF Leadóg (1896)
Leadóg boird ITTF Leadóg boird (1988)
Liathróid láimhe IHF Liathróid láimhe (1936)
Lúthchleasaíocht IAAF Lúthchleasaíocht (1896)
Nuapheantatlan UIPM Nuapheantatlan (1912)
Pionsóireacht FIE Pionsóireacht (1896)
Rámhaíocht FISA Rámhaíocht (1896)
Rothaíocht UCI BMX (2008), Ar raon (1896), Ar an mbóthar (1896) agus Easbhóthair (1996)
Daorchluiche WBSC Daorchluiche (1992)
Rugbaí WR Rugbaí (1900)
Sacar FIFA Sacar (1900)
Seoltóireacht ISAF Seoltóireacht (1900)
Snámh FINA Póló uisce (1900), Snámh (1896), Snámh sioncronaithe (1984) agus Tumadóireacht (1904)
Softball WBSC Softball (1996)
Surfáil ISA Surfáil (2020)
Taekwondo WT Taekwondo (2000)
Tógáil meáchan IWF Tógáil meáchan (1896)
Trí-atlan ITU Trí-atlan (2000)

Spóirt gheimhridh cuir in eagar

Spórt Cónaidhm Disciplíní
Curláil WCF Curláil (1998)
Dé-atlan IBU Dé-atlan (1960)
Haca oighir IIHF Haca Oighir (1920)
Lúis FIL Lúis (1964)
Scátáil ISU Luas-scátáil (1924), Raon gearr (1992) agus Scátáil ealaíonta (1908)
Sciáil FIS Clársciáil (1988), Comhchomórtas Nordach (1924), Sciáil Alpach (1936), Sciáil saorstíle (1992), Sciáil trastíre (1924) agus Scí-léimneach (1924)
Spórt na gcarr sleamhnán ISBF Bobsleamhnánú (1924) agus Bolgsleamhnánú (1928)

Spóirt Oilimpeacha san am a chuaigh thart cuir in eagar