An difríocht idir athruithe ar: "Joseph Jenkins Roberts"
Content deleted Content added
Defsort, cata. |
m Litriú caighdeánaithe |
||
Líne 9:
D'iompaigh Joseph Jenkins Roberts ina dhuine mór-le-rá sa choilíneacht. Sa bhliain 1833 bronnadh céim an Ard-Sirriam air. Mar Ard-Sirriam, d'eagraigh sé sluaite armtha le cáin a ghearradh de mhuintir bhundúchasach na coilíneachta agus le hiad a choinneáil faoi smacht.
Bhí Roberts ar an gcéad ghobharnóir
Nuair a toghadh Roberts ina Uachtarán an chéad uair, dhírigh sé ar aitheantas a bhaint amach do neamhspleáchas na tíre ó na Stáit Aontaithe. Bhí a lán polaiteoirí i nDeisceart na Stát Aontaithe ina aghaidh, ach thairis sin, bhí coilíneachtaí ag tíortha Eorpacha timpeall ar an Libéir, agus ní raibh fáilte acu féin roimh an bpoblacht nua. Sa bhliain 1848 chuaigh Roberts ar cuairt go dtí an Bhreatain Mhór chomh maith le tíortha eile na hEorpa, agus ba é toradh an turais seo go raibh na Sasanaigh, ar a laghad, fonnmhar aitheantas a thabhairt don Libéir. Sa bhliain 1848 nó 1852 (níl na foinsí ag teacht le chéile) fuair an tír an t-aitheantas ón bhFrainc fosta. Faoin am céanna, a bheag nó a mhór, bhí tíortha eile, chomh maith le cathracha móra sa Ghearmáin ar nós Hamburg nó Lübeck, sásta neamhspleáchas na Libéire a admháil, ach níor lean na Stáit Aontaithe a sampla ach sa bhliain 1862, nuair a bhí Abraham Lincoln ina Uachtarán. Is dealraitheach go raibh sé deacair taidhleoirí datha ón Afraic a fháiltiú i Washington fad a bhí an daoirse i bhfeidhm sa tír. Nuair a saoradh na daoir ó bhráca, áfach, ní raibh fadhbanna leis na taidhleoirí Libéaracha a thuilleadh.
|