An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair"

file Éireannach
Content deleted Content added
Viciln (plé | dréachtaí)
Leathanach nua: Thart faoin mbliain 1649 a mhair an file Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair, agus cé nach bhfuil ar marthain dá chuid filíochta ach trí dhán, tá sé a cheann de na foins...
(No difference)

Leagan ó 17:42, 28 Nollaig 2007

Thart faoin mbliain 1649 a mhair an file Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair, agus cé nach bhfuil ar marthain dá chuid filíochta ach trí dhán, tá sé a cheann de na foinsí is tábhachtaí Gaeilge ar chogaí 1641-1652 in Éirinn.

Tuairisc Thoirdhealbhaigh Charraigh Uí Chonchubhair

Ní fios cén uair a saolaíodh an file Toirdhealbhach Ó Conchubhair, nó cén uair a fuair sé bás. Ó fhianaise na canúna tuairmíonn Mag Craith gur ó Oirthear Uladh dó. Go deimhin, ní mhaireann mar fhianaise air ach na trí dhán a chuir Cuthbert Mhag Craith OFM i gcló i leabhar comórtha an Athar Luke Wadding.

Dánta Thoirdhealbhaigh Charraigh Uí Chonchubhair

I ndán amháin dá chuid tugann an file 'saighdiúir singil' air féin (cé go gceapann Mag Craith gur oifigeach a bhí ann). ach tríd síos ina chuid dánta cruthaíonn sé pictiúr de féin dúinn mar fhear grinn a bhfuil teanga ghéar fheantach air. Sa dán (a cumadh i stíl na crosántachta) An gcuala tú cúrsa Corinel Seónsa? déanann sé magadh faoin Marcas Urmhumhan agus faoin Vícunta Móta Gairéad.. Tugann sé le fios i bpéire de na dánta gur saighdiúir a bhí ann, agus go deimhin tá an-tábhacht leis an dá dhán sin mar fhoinse Ghaeilge ar chogaíocht na 17ú haoise agus mar léiriú ar dhearcadh na nGael ar na himeachtaí sin. Go deimhin, cé is moite de Cín Lae Ó Mealláin níl a mhacasamhail ar fáil ón tréimhse sin.

Toirealach Carach Ó Conchúir sa Litríocht

Léirítear Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair mar an meirgire caivilíreach 'Toirealach Ó Conchúir' in arm an rí sa bhliain 1650 san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.

Tagairtí

Father Luke Wadding, The Franciscan Fathers, Clonmore & Reynolds, 1957