An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
Líne 40:
Nuair a d’éirigh glún na bhfathach as an imirt, tháinig meath ar ratha Átháin, Cé gur bhuadar ar Na Gearaltaigh, foireann na Roinne Thiar, chun [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|craobh iomána sinsear an chontae]] a bhuachaint arís sa bhliain 1955, níor fhilleadar ar an gcluiche ceannais go dti gur sháraíodar ar [[CLG Tobar Phádraig|Thobar Phádraig]] sa bhliain 1998. Chosnaíodar an chorn i gcoinne [[CLG Cill Mocheallóg|Cill Mocheallóg]] sa bhliain dár agus bhuadar arís í sa bhliain 2004. I ndiaidh dóibh an teideal a bhuachaint ar naoi n-uair déag, is iad Átháin fós an club iomána is rathúla sa chontae.
 
Cé go bhfuil clú ar Átháin mar chlub iomána, ba iad an fhoireann ba láidre i bpeil an chontae chomh maith le linn blianta na 1930í. I ndiaidh orthudóibh bhuachaintbuachaint ar [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Mhainistir na Féile]] chun [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|craobh peile sinsear an chontae]] a ghabháil don chéad uair sa bhliain 1935, níor chailleadar cluiche peile d'aon saghas suas go dti an bhliain 1940 fad is a bhí craobhacha na mblianta 1936, 1937, 1938 agus 1939 á mbuachaint acu.
 
Is beag toradh, áfach, a raibh ag peileadóirí Átháin ó shin i leith. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, be chlub peile idirmheánach iad agus shroicheadar cluiche ceannais an chontae sa ghrád sin cúpla bliain ina dhiaidh ach thiteadar síos go dti an grád sóisear A sa bhliain 2001.