An difríocht idir athruithe ar: "Port Láirge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
daonra_thuathúil = 3,465 |
}}
Cathair i ndeisceart [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] is ea í '''Port Láirge''', agus í suite i g[[Contae Phort Láirge|contae]] atá ainmnithe aisti. Is í an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an gcúigiú ceann is mó sa tír. B'iad na [[Lochlannaigh]] a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, is í an chathair is sine in Éirinn atá ann.
 
Tugtar ainm Lochlannach ar Phort Láirge as Béarla, is é sin, ''Waterford'', a tháinig as ainm sean-Lochlainnise a scríobhfaí ''Veðrafjörður'' in [[Íoslainnis]] an lae inniu. Is é [[Túr Reginald|Túr Raghnaill]] i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó ''Rögnvaldur'' as Íoslainnis. Is é an túr seo an cuimhneachán is sine dár fhág na Lochlannaigh ina ndiaidh in Éirinn a bhfuil ainm Lochlannach air i gcónaí, agus is air is fusa a aithnítear Port Láirge.
 
Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh [[Contae Chill Chainnigh|Chontae Chill Chainnigh]].
 
[[Íomhá:Waterford by night.jpg|thumb|250px|Port Láirge agus [[An tSiúir|Abhainn na Siúire]] san oíche]]
RitheannSníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir bun le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa [[19ú haois]]. B'iad muintir Malcomson, ar leosan an longcheárta úd ''Neptune Shipyards'', a chuir agus a choinnigh ag obair ceann de na cabhlaigh ba mhó ar fud an domhain ó lár na [[1850í|1850idí]] go deireadh na 1860idí, ina measc cúig línéar paisinéireachta tras-Atlantacha. Inniu, samhlaíonn muintir an tsaoil mhóir Port Láirge le criostal Phort Láirge (''Waterford Crystal'') thar aon rud eile, nó téann traidisiún gloineadóireachta na cathrach siar go dtí an bhliain [[1783]].
 
==Stair==