An difríocht idir athruithe ar: "Hipitíoróideacht"

Content deleted Content added
m tar éis An Hipitíoróideacht a athainmniú mar Hipitíoróideacht
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Is éard is '''Hipitíoróideacht''' ann ná nuair nach gcruthaítear a dóthain [[hormón tíoróideach]] sa duine. An galar is mó a tharlaíonn dá bharr seo ná [[Galar Graves]]. Má chuirtear isteach ar feidhmeanna an tíoróidigh trí easpa hormón a chuir ar fáil is féidir bheith ag súil go mbeidh daoine traochta, is go mbeidh siad mall ó thaobh luas na hintinne.
 
== Diagnóisiú ==
Déantar galar sa tíoróideach a dhiagnóisiú le tástáil fola do na leibhéil T4 agus T3 atá san fhuil a fháil amach. Déantar íomháú ar an bhfaireog ar nós scanadh ultrafhuaime le méid is cruth na faireoige a fhiosrú. Déantar [[bithóipse]] chomh maith, ach go háirithe i gcásanna ailse. Breathnóidh paiteolaí ar an sampla fíocháin seo.
 
== [[Cóir Leighis]] ==
Ó thaobh cóir leighis tugtar cógas leis an oiread hormón a scaoiltear a mhéadú nó cuirtear [[hormóin shintéiseacha]] ar fáil do dhaoine de réir mar is gá. Téitear i muinín na máinliachta nuair a bhíonn an fhaireog rómhór. Chomh maith is féidir radaíocht a úsáid leis an bhfaireog a scrios má tá sé rómhór.